Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 4 Márta 2019

Jonathan Fisher, Map of the Lakes of Killarney, 1789, aquatint on paper, 26 x 36 cm.

CAG.2670 Jonathan Fisher, Map of the Lakes of Killarney, 1789, uiscimir ar pháipéar, 26 x 36 cm.

Is peirspictíocht aerga atá á roinnt linn i SAOTHAR NA SEACHTAINE seo, radharc ón aer ar Chill Airne, Contae Chiarraí!

Tá aird cuairteoirí agus cónaitheoirí araon á tarraingt ar Chill Airne le fada an lá, ó ré na lonnaíochtaí Luath-Chríostaí sa seachtú haois go dtí forbairt na turasóireachta 250 bliain ó shin. Ba sa bhliain 1789 a foilsíodh an léarscáil ghleoite seo le Jonathan Fisher i dteannta lena shraith de 20 radharc de chuid den tírdhreach sléibhtiúil is cáiliúla in Éirinn. Bunaithe ar pheirspictíocht thoir-thiar (seachas thuaidh-theas), forbraíodh an léarscáil seo sular chuir an tSuirbhéireacht Ordanáis tús le léarscáileanna níos mionsonraithe den réigiún a fhorbairt caoga bliain ina dhiaidh sin.

Má chaitear súil níos géire ar an léarscáil, tabharfar faoi deara go bhfuil na príomhshuíomhanna atá léirithe i radhairc an ealaíontóra uimhrithe, ó Uimh.1 (sa lár ag an mbun) atá suite ó dheas de An Fhleisc agus Teach Thiarna Neidín (Teach Chill Airne) go dtí Uimh.20 in aice le Bearna an Choimín agus ó thuaidh de An Leamhain (ar thaobh na láimhe deis ag an mbarr). Chomh maith leis sin, is díol spéise iad na logainmneacha agus an litriú níos sine, lena n-áirítear Turk (Muckross) Lake, Glena (Shehy) Mountain, agus Toomish (Tomies) Mountain.

Ba é Jonathan Fisher (1740-1809) ceann de na healaíontóirí ba thúisce a tharraing aird ar an tírdhreach seo i gContae Chiarraí. Chuir sé tús lena shaol oibre mar éadaitheoir olla i gceantar na Saoirsí i mBaile Átha Cliath, agus ina dhiaidh sin, sna 1760idí, dhírigh sé ar an ealaín. Is ar Shráid na gCaorach, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air lena bhean chéile, Martha Price – iníon ceannaí de bhunadh Chorcaí – agus d'éirigh leis cúpla pingin bhreise a thuilleamh dó féin trí bheith ag obair mar Mhaoirseoir Stampaí idir 1778 go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1809.

Beidh THAT ABRUPT MAGNIFICENCE: Radhairc Jonathan Fisher de Chill Airne ar taispeáint inár nGailearaithe Nua-Aimseartha (Urlár 2) go dtí an 9 Meitheamh 2019.

As Bearla

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content