Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

Cuairt

Crawford Gallery Culture Night Tour. Photo: Provision
Íomhá ó: Recasting Canova. Grianghraf: Jed Niezgoda.

Tabhair cuairt ar Ghailearaí Ealaíne Crawford

  • Tá an Gailearaí saor in aisce agus ní gá áirithintí a dhéanamh - Féach ar ár dtaispeántais reatha anseo.
  • Féach ar ár n-uaireanta oscailte reatha anseo.
  • Tá díghalrán lámh ar fáil ag dul isteach duit agus arís in áiteanna éagsúla ar fud an Ghailearaí.

Uaireanta Oscailte
N.B. Is é an uair dheireanach le dul isteach ná 15 nóiméad roimh dhúnadh


Dé Luain–Dé Sathairn 10.00am–5.00pm*

Déardaoin go dtí 8.00pm

Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Bainc
11.00 am4.00pm

Turais Saor in Aisce

Bíonn Turais Saor in Aisce ar bun gach Déardaoin ar 6.30pm agus Dé Domhnaigh & Laethanta Saoire Bainc ar 2pm.
Tá an tionscadal seo ag tacú le Geilleagar Oíche agus faigheann sé maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán. 

 

Clúdaigh ar Aghaidheanna agus Trealamh Cosanta Pearsanta

  • Ní gá don phobal maisc a chaitheamh níos mó ach más rud é go bhfuil cuairteoirí níos compordaí má chaitheann siad maisc sa Ghailearaí tá an saoirse sin acu iad a chaitheamh
  • Tabhair aird ar leith ar Threoirlínte Bí Aireach a d’eisigh an Roinn Sláinte anseo.

Glanadh

  • Chuireamar lenár nósanna imeachta glantacháin ar fud an Ghailearaí agus go háirithe glanadh rialta agus sláintíocht in áiteanna a láimhsítear go minic.
  • Tá díghalrán lámh ar fáil ar fud an fhoirgnimh.

Taisceadáin 

  • Tá áiseanna taisceadáin ar fáil faoi láthair.

Siopa Leabhar

  • Tá fáilte romhat ár siopa leabhar a bhrabhsáil ar an láthair agus ar líne le haghaidh rogha iontach leabhar, cártaí etc ar féidir a sheoladh chuig do dhoras.
  • Tá íocaíocht gan tadhall ar fáil.

Leanfaimid lenár dtreoirlínte sábháilteachta poiblí a athbhreithniú agus a nuashonrú le comhlíonadh a chinntiú le dea-chleachtas Náisiúnta agus Idirnáisiúnta a chinntiú go bhfuilimid ag cloí agus ag cur timpeallacht sábháilte agus dílis ar fáil duit.

Is institiúid chultúrtha náisiúnta é Gailearaí Ealaíne Crawford atá suite i bhfoirgneamh oidhreachta suntasach i gcroílár chathair Chorcaí atá tiomnaithe do na hamharc-ealaíona, go stairiúil agus go comhaimseartha araon. 

Tá bailiúchán a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis faoi dhíon an Ghailearaí a insíonn scéal an-láidir faoi Chorcaigh agus Éirinn le trí chéad bliain anuas. 

Tá an Gailearaí oscailte 7 lá na seachtaine agus saor in aisce agus is áit í nach mór do dhaoine áitiúla agus do thurasóirí araon a fheiceáil. Cuireann foirgneamh stairiúil Ghailearaí Ealaíne Crawford tearmann síochána ar fáil i gceartlár chathair Chorcaí, leacht cuimhneacháin do ‘Ré Órga’ Chorcaí agus déantar nasc idir rath tráchtála agus forbairt chathair Chorcaí go luath san ochtú haois déag agus sa naoú haois déag. 

Tógadh é i 1724 mar theach custaim na cathrach agus tá Canova Casts clúiteacha faoi dhíon an Ghailearaí, a bronnadh ar chathair Chorcaí dhá chéad bliain ó shin. Tá saothair an-aitheanta agus a bhfuil ardmheas orthu ó ealaíontóirí Éireannacha an 20ú haois cosúil le Seán Keating, Harry Clarke, Norah McGuinness, Mainie Jellett agus Jack B. Yeats ar taispeáint i mbailiúchán stairiúil an ghailearaí, agus tá bailiúchán nua-aimseartha d’ealaíontóirí comhaimseartha ar taispeáint freisin ar nós Eilis O’Connell, Gerard Byrne, Dorothy Cross, Maud Cotter agus Hughie O’Donoghue.

Tá caifé den scoth atá faoi bhainistíocht áitiúil ag cur táirgí áitiúla agus úire ar fáil agus an clú úd ar Chorcaigh.

ROGHANNA IOMPAIR

AR CHOIS
Tá an Gailearaí níos lú ná 5 nóiméad de shiúil ó Shráid Phádraig, Lána an Árais Cheoldrámaíochta agus Sráid Phóil.

BUS EIREANN
Is siúlóid 10 nóiméad é Gailearaí Crawford ó Stáisiún Bus Phlás Parnell.

IRISH RAIL
Is siúlóid 15 nóiméad é an Gailearaí ó Stáisiún an Cheanntaigh i gCorcaigh.

Chun níos mó eolais a fháil ar sheirbhísí Bus agus Iarnróid féach https://www.transportforireland.ie/getting-around/network-maps/cork-city-bus-services/

ROTHAIR TFI
Is Scéim Rothair Poiblí í an tseirbhís rothair ar cíos féinseirbhíse le stáisiúin atá suite go furasta ar fud chathair Chorcaí. Déanann an méid sin éasca é taisteal thart, is cuma más ag taisteal go dtí an obair nó go cruinnithe nó ag breathnú ar radharcanna ar do chompord. Tá dhá stáisiún Rothaíochta in aice an Ghailearaí, an ceann is gaire in aice le Plás Emmet agus stáisiúin eile in aice láimhe ag Sráid Mhargadh an Arbhair agus Cé Camden.

Chun níos mó eolais a fheiceáil féach www.bikeshare.ie

PÁIRCEÁIL
Tá páirceáil ar fáil ag Carrchlós Shráid Phóil, atá timpeall an chúinne, nó ag Carrchlós Ché Uí Chearúill atá 5 nóiméad de shiúil trasna dhroichead Christy Ring.
Suíomh gréasáin charrchlós Ché Uí Chearúil.

Tá Bánna Páirceála do Thiománaithe faoi Mhíchumas ar fáil ar fud na cathrach. Tá an Bá Páirceála do Thiománaithe faoi Mhíchumas is gaire i bPlás Emmet lasmuigh den bhealach isteach chuig an nGailearaí.

An Gailearaí
T +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie

An Siopa Leabhar
T +353 (0)21 480 5042

Chun teagmháil a dhéanamh go díreach le ball foirne lean an nasc ar an leathanach Déan teagmháil linn 

Rochtain ar an nGréasán

Táimid ag obair faoi láthair chun an rochtain ar ár suíomh a fheabhsú. Déanfar sin ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí inrochtana nua a chur leis ach iad a chur ar fáil.

Cúnamh a fháil
Má bhíonn aon fhadhb agat maidir le hinrochtaineacht duitse nó do dhuine eile, nó má tá smaointe agat chun ár suíomh gréasáin a dhéanamh níos inrochtana, déan teagmháil linn ar ghuthán nó ar ríomhphost:

Guthán: Uimhir Theileafóin: 021 480 5042
Ríomhphost: info@crawfordartgallery.ie


Teangacha Códaithe
Úsáideann ár suíomh gréasáin na teangacha códaithe seo a leanas chun an gréasán a chur ag obair. PHP, HTML, CSS, JavaScript.

An Ghaeilge
Tá roinnt dár n-earraí Foghlaim agus Pléigh aistrithe go Gaeilge agus is féidir iad a íoslódáil i bhformáid PDF:
https://crawfordartgallery.ie/gniomhaiochtai-as-gaeilge/

Gnéithe Nascleanúna Cabhracha
Is féidir an eochair TAB a úsáid chun léim anuas ar leathanach d’úsáideoirí a bhfuil deacracht acu nascleanúint le luchóg nó peann.

Adobe Acrobat a úsáid
Tá roinnt den eolas ar an suíomh gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF chun léitheoireacht agus priontáil as-líne a éascú. Níl an fhormáid inrochtana go héasca (seachas i gcás an leagan is déanaí, sraith 5) d’úsáideoirí atá faoi mhíchumas.

Áiseanna Nascleanúna
Tá nascleanúint ar ardleibhéal le feiceáil i gcónaí.
Bíonn bosca cuardach ar gach leathanach.
Ligeann giuirléid d’úsáideoirí clómhéid a mhéadú agus codarsnacht a chur leis an suíomh chun léitheoireacht an téacs a éascú.

Íomhánna
Baineann gach íomhá ábhair ar crawfordartgallery.ie le haitreabúidí ALT tuairisciúla.

Bealach isteach chuig an nGailearaí

Tá bealach isteach ag úsáideoirí cathaoir rothaí chuig Gailearaí Ealaíne Crawford. Tá rampa cathaoireacha rothaí ar an mbealach isteach do chuairteoirí. Tá an t-ardaitheoir, atá suite ar an mbunurlár, trasna ón nGailearaí Íochtarach, in ann freastail ar chathaoireacha rothaí agus ar bhugaithe.

Más mian leat cúnamh a lorg agus tú ag pleanáil do chuairt, glaoigh ar +353 (0)21 480 5042 le do thoil

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content