Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

Stair

Crawford_Gallery_Exterior_Day_Archive
Gailearaí Ealaíne Crawford

Forbhreathnú

Is foirgneamh stairiúil tábhachtach é foirgneamh Ghailearaí Crawford, agus tá codanna de a théann siar go dtí tús an ochtú haois déag. Trí chéim éagsúla tógála atá san fhoirgneamh: An foirgneamh ina bhfuil Gailearaí Ealaíne Crawford, foirgneamh a tógadh i 1724 mar an Teach Custaim i gCorcaigh, foirgneamh a thugann chun cuimhne an nasc é idir rath tráchtála Chathair Chorcaí agus forbairt na cathrach céanna i dtús an ochtú haois déag agus an naoú haois déag. Sa bhliain 1830 tugadh seanfhoirgneamh an Tí Custaim don Royal Cork Institution (roimh Choláiste na hOllscoile, Corcaigh) ar mhaithe le ‘heolas a scaipeadh agus eolaíocht a chur i bhfeidhm ar na cuspóirí coitianta sa saol.’

Tógadh Teach Custaim nua chun freastal ar na hoibríochtaí calafoirt a raibh méadú ag teacht orthu sa tréimhse seo. Is Government School of Design a rinneadh den fhoirgneamh sa bhliain 1850 agus ba chuid é sin de chóras South Kensington School roinnt blianta ina dhiaidh sin.

Síneadh mór, stiúideonna tithíochta agus gailearaithe a cuireadh leis an teach i 1884 chun freastal ar líon na mac léinn a bhí ag méadú leis, agus ba é William Horatio Crawford a d’íoc an costas, Crawford School of Design á thabhairt air ina ómós ina dhiaidh sin. Ba é an chéad chéim i dtreo Scoil Ealaíne agus Gailearaí ná bailiúchán ealaíne a bhunú go luath sa naoú haois déag. I 1979 nuair a d’athlonnaigh an School of Art go dtí an t-áitreabh atá anois ann, ba é Gailearaí Ealaíne Crawford a rinneadh de.

Sa bhliain 2000, chuir Gailearaí Crawford sciathán nua le haghaidh taispeántais ealaíne comhaimseartha lena spás gailearaí, agus ba é an t-ailtire Ollannach Erick van Egeraat a dhear, é maoinithe ag an Roinn Ealaíon agus Oidhreachta. Chruthaigh an leathnú nua seo 1000 m2 de spás taispeána breise agus leis an spás sin bhí an Gailearaí ábalta speictream níos leithne níos comhaimseartha oibre a chur i láthair na gcuairteoirí ann.

Bunaíodh bailiúchán ealaíne Gailearaí Crawford i 1819, nuair a tugadh sraith múnlaí dealbh Graeco-Rómhánacha agus Nua-Chlasaiceacha don Cork Society of Arts. Is gearr ina dhiaidh sin a cuireadh isteach sa bhailiúchán saothair ó mhic léinn agus ó mhúinteoirí an Cork School of Art a bunaíodh an bhliain chéanna: i measc na mac léinn bhí Samuel Forde, Daniel Maclise agus John Hogan. I 1825, aistríodh an bailiúchán go dtí an foirgneamh atá ann faoi láthair, an tIar-Theach Custaim i gCorcaigh. An Royal Cork Institution, an comhlacht a ghlac freagracht as an mbailiúchán ealaíne, chuir an Sean-Teach Custaim baile ar fáil di idir 1825 agus 1849. Nuair a bunaíodh ollscoil i gCorcaigh, aistríodh an fhreagracht as an mbailiúchán ealaíne an chuig Cork Government School of Design a bunaíodh sa bhliain 1850 agus a bhí fós i seilbh an tSean-Tí Custaim. I 1884, cuireadh síneadh nua leis an bhfoirgneamh, agus leis sin bhí gailearaithe saintógtha ar fáil chun pictiúir agus dealbha a chur ar taispeáint. Crawford School of Design ab ea an t-ainm nua, agus bhí an bailiúchán ealaíne in úsáid mar thaca chun an ealaín a theagasc, fás de shíor ag teacht air faoi mhaoirseacht an Technical Instruction Committee.

Cuireadh leis an mbailiúchán nuair a ceannaíodh saothair a rinne ealaíontóirí Éireannacha, cuid mhaith acu ina mbaill den fhoireann nó ina gcéimithe de chuid Cork School of Art. Lean an patrún seo ar aghaidh tríd an bhfichiú haois, ach bhí roinnt forbairtí ann, go háirithe Joseph Stafford Gibson agus é ag tiomnú cistí chun saothair a cheannach le haghaidh an bhailiúcháin i 1919. Baineadh úsáid as an gciste seo ar feadh an 20ú haois chun bailiúchán suntasach pictiúir a cheannach, ar pictiúir acadúla iad den chuid is mó.

I 1930, tháinig an Vocational Education Committee in áit an Technical Instruction Committee, agus tríd an bhfichiú lean an City of Cork VEC ar aghaidh ina n-úinéirí agus ina mbainisteoirí ar an bhfoirgneamh. Thug an Chomhairle Ealaíon scéim ceannaigh chomhpháirtigh isteach ag deireadh na 1960idí, agus is tríd an scéim sin a cheannaigh an Gailearaí roinnt saothar ar saothair chomhaimseartha den chuid is mó iad. Tá Cairde Ghailearaí Ealaíne Crawford ag tacú le héadálacha le haghaidh an bhuanbhailiúchán le fiche bliain anuas. Tabhartais phríobháideacha de shaothar, ar nós bhailiúchán dealbh Seamus Murphy, leanfaidh siad de bheith ina gcuid thábhachtach de straitéis sealbhaithe an Ghailearaí amach anseo, cé gur gá éadálacha den sórt sin a threorú leis an gcáipéis polasaí seo.

Bhunaigh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta cuideachta nua chun an Gailearaí a bhainistiú, agus ainmníodh an Gailearaí mar Fhoras Cultúrtha Náisiúnta. Is fada (sa bhliain 1979) ó bhí An Scoil Ealaíne tar éis bogadh chuig foirgneamh eile, agus in 2007 aistríodh oifigí riaracháin Coiste Ceardoideachais Chathair Chorcaí chuig áitreabh nua in aice láimhe. Cuireann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deontas bliantúil ar fáil anois chun cabhrú le líon beag saothar suntasach a cheannach, idir saothair ealaíne stairiúla agus saothair ealaíne chomhaimseartha. Faoi Rannóg Reachtaíochta 1003 den Acht Airgeadais, cuirtear faoiseamh ó cháin ioncaim ar fáil i dtaca le saothair a dheonaítear do Ghailearaí Crawford agus d’Fhorais Chultúrtha Náisiúnta eile, agus is tábhachtach an chonair é sin maidir le héadalacha a fháil le haghaidh an bhuanbhailiúcháin.

Tá méadú leanúnach tagtha ar bhuanbhailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford le blianta beaga anuas. Is i dtaca leis an 20ú haois agus leis an ealaín chomhaimseartha is fearr é. Sa bhliain 1990 bhí tuairim is 1500 ceann de phictiúir, de dhealbha, de phriontaí agus de shaothair ealaíne eile sa bhailiúchán. Liostaíodh na saothair seo sa Chatalóg Achoimre Mhaisithe a foilsíodh i 1992. Ón dáta sin i leith, tá os cionn 3,000 saothar nua curtha leis an mbailiúchán ina bhfuil beagnach 4,000 mír anois.

Ar ais go barr

Muintir Crawford

Muintir Crawford ag Lochlands (mionghné) A.A. Edouart

Muintir Crawford ag Lochlands (mionghné) A.A. Edouart

Muintir Crawford, idir ghrúdairí agus cheannaithe, is iad sin a rinne go leor feabhsuithe i gCorcaigh le linn an naoú haois déag, cé nach bhfuil an sloinne le fáil i gCorcaigh a thuilleadh ach in ainmneacha na sráideanna agus na n-institiúidí sin a raibh siad páirteach ina mbunú. An gnólacht grúdaireachta Corcaíoch Beamish & Crawford, is fada ó bhí sí faoi úinéireacht an teaghlaigh. Bheadh muintir Crawford cosúil le teaghlach den sórt ar a raibh cur síos ag De Latocnaye, fear a thug cuairt ar Chorcaigh sa bhliain 1796, agus a thug ‘the City of Yawns’ mar ainm gonta uirthi, ainm sórt dian.

‘tá an baile seo ar cheann de na bailte is saibhre agus is mó tráchtáil san Eoraip. Is eachtrannaigh iad na príomhcheannaithe ar fad geall leis, Scotaigh den chuid is mó, agus i dtréimhse ghearr deich mbliana éiríonn leo uaireanta saibhreas mór a dhéanamh'

Ba ó Albain iad muintir Crawford, de bhunadh Baidland in aice le Dail Ruighe i Siorrachd Inbhir Àir. Is dócha go raibh craobh den teaghlach in Éirinn chomh luath le 1618. I 1625 bhí cuntas ann go raibh Andrew Crawford, muilleoir, ina thionónta de chuid Tiarna Clandeboye, seilbh aige ar mhuileann mainéarach agus ar thailte i gCo. an Dúin. Cheannaigh William Crawford na tailte sin ina dhiaidh sin ón Tiarna Clanbrassil i 1670 agus tugadh eastát Crawfordburn orthu. Bhí an t-eastát seo faoi úinéireacht teaghlaigh ar feadh 277 bliain, go dtí 1947, nuair a dhíol garmhac an úinéara deiridh é, Col. Robt. G. Sharman Crawford (a cailleadh i 1934). Scaip craobhacha den teaghlach ar fud an domhain go Vancouver, New Orleans agus Melbourne; bhí brainse Gearmánach den teaghlach ann fiú.

Bhí beirt mhac ag William Crawford I Crawfordsburn, John agus James. Bhí iníon ag John darb ainm Mabel a phós A. Willliam Sharman (dá bhrí sin, an t-ainm Sharman Crawford). Bhí seachtar páistí ag James Crawford, duine díobh William, a tháinig go Corcaigh sa bhliain 1792 agus a bhunaigh an gnólacht grúdaireachta in éineacht le William Beamish; agus tógadh an teach ‘Lakelands’ in aice leis an gCarraig Dhubh. Bhí rath ar ghrúdlann Beamish & Crawford ón tús. Tugadh bainisteoirí anonn ó Londain a raibh cur amach acu ar na forbairtí teicneolaíochta is déanaí sa ghrúdaireacht, agus is gearr go raibh tháinig an chuideachta ar an ngrúdlann is mó sa tír, beagnach cúig chéad duine fostaithe inti i 1807. Faoi 1834, bhí an t-ochtú cuid de rátaí na cathrach á íoc ag an gcuideachta seo amháin.

Phós William Crawford II Elizabeth Cooke ar dtús agus ina dhiaidh sin, Mary Uniacke. Bhí go leor páistí acu, ina measc William Crawford ‘the Younger’ a phós Dulcibella Morris as Teach Dunkathel i 1813, agus a fuair bás sa bhliain 1840. Dhealbhaigh John Hogan portráid chuimhneacháin de William the Younger i 1844, í suite i nGailearaí Ealaíne Crawford sa lá atá inniu ann. Armas Chorcaí atá ar an mbonn agus tá inscríbhinn air ina moltar William agus a ghrá dá chathair dhúchais — ‘Bhí a chroí ag caitheamh i ndiaidh rath a bheith uirthi’. Cé go raibh William the Younger ar dhuine de na daoine a bhunaigh an chéad scoil ealaíne i gCorcaigh, ba é a mhac William Horatio (1812-1888) a bhí le bheith mar an tabharthóir mór maidir le tógáil an fhoirgnimh mhóir ar Gailearaí Ealaíne Crawford. Chaith William Horatio Crawford cuid mhór dá shaol ag obair sa ghnólacht teaghlaigh ar ar thóg sé ceann i gcomhar le Richard Pigot Beamish ag deireadh na 1850idí. Fuair sé bás gan phósadh ar 16 Deireadh Fómhair 1888.

Hugh Crawford, duine de shliocht deireanach na craoibhe seo den teaghlach agus ailtire le cleachtas i Sasana, thug sé cuairt ar Chorcaigh roinnt uaireanta sna 1980í. Chuir Hugh Crawford i dtoll a chéile an stair teaghlaigh ar a bhfuil an cuntas thuas páirtbhunaithe, agus thug sé bailiúchán mionphortráidí de Mhuintir Crawford don Ghailearaí freisin i 1987. Tá a chuntas ar sheanteach an teaghlaigh suimiúil:

'Caithfidh sé gur sórt Nabob a bhí in William Crawford Sr. sa 18ú haois, mar go raibh a ché féin in éineacht le trádstóras aige i ngiorracht don teach. Ní fios cé mhéad a d’allmhairigh sé, ach dúradh go raibh leasanna aige sna hIndiacha Thiar. D’fhéadfadh sé gur allmhairíodh molás le haghaidh na grúdlainne, nó leannlusanna agus eorna amháin b’fhéidir. Bhí smaointe forásacha nua ag William maidir le heastáit a rith; agus sa ghrúdlann freisin is dócha. Dealraíonn sé gurbh é an crann dearg Magnolia ab ansa leis (Camelia b’fhéidir) agus gur cheap sé córas chun aoileach leachtach a thabhairt ó chlós in aice láimhe (i gcoinne an bhalla a bhí an crann curtha) chun na fréamhacha a leasú; bhí foscadh tógtha aige timpeall na gcrann agus bhí suíochán aige ina suíodh sé go minic ag breathnú amach thar an radharc álainn. Deirtear gur ar an suíochán seo a fuair sé bás. Mar sin féin, tá amhras ann an leis féin nó lena mhac a bhain an scéal sin, an dara duine b’fhéidir mar tá bhfuil cuimhne ar an scéal go fóill. '

Ba gharraíodóirí iomráiteacha iad William Horatio Crawford, agus a chuid comhaoiseach Richard Beamish agus William Edward Gumbleton. Bhí Crawford agus Gumbleton araon ina mbaitsiléirí agus bhailigh siad leabhair fhíneáilte, saothair ealaíne agus plandaí neamhchoitianta. Ba dhuine discréideach díniteach é Crawford agus cuireadh síos air mar dhuine a raibh ‘meon aiséiteach’ aige. Bhí suim ar leith aige plandaí leochaileacha agus crainn a fhás i dtithe gloine, agus bhí ‘crannlann den chéad scoth aige...le toir agus crainn neamhchoitianta’ ag Lakelands. I bplandálacha Crawford bhí eiseamail aige ó na Himiléithe agus na hAindéis, amhail magnolia, ródaideandrón agus cordailín. Bhí Magnolia campbelli na Himiléithe i mbailiúchán Crawford agus is san Oileánra Breatnach a tháinig bláth air an chéad uair. Is dócha go raibh cáil ar Crawford mar gheall ar an speiceas Brownea seo, as ar tháirg sé roinnt hibridí, cuid acu a thiomnaigh sé chuig Garraithe Náisiúnta na Lus i mBaile Átha Cliath. Is géineas dúchasach de chuid na hIndiacha Thiar atá ann agus ní féidir é a shaothrú lasmuigh den Bhreatain ná d’Éirinn. Sa bhliain 1876, bhí na plandaí seo i dtithe gloine Crawford tar éis fás chomh hard go raibh air an díon a ardú. Margaret Hill de bhunadh teaghlaigh aitheanta ailtirí i gCorcaigh, rinne sí staidéar in Cork School of Art ó 1857 go 1861, agus rinne sí cuid de na plandaí seo a phéinteáil le haghaidh irisí garraíodóireachta.

Is óna athair a fuair William Horatio Lakelands ar oidhreacht, seanteach ‘ina raibh stór mór leabhar, pictiúr agus greantaí neamhchoitianta’ óna athair. Ba chuimhin le Hugh Crawford a dheireadh:

'Ba bhrónach an deireadh a bhí i ndán do Lakelands. Ar chúinsí nach eol a thuilleadh, tháinig an mhaoin isteach i seilbh aturnae, b’fhéidir mar dhrochfhiach. Scrios an t-úinéir an teach nua de bharr go raibh uaillmhian aige ráschúrsa a dhéanamh den mhaoin, ach níor éirigh leis cead a fháil chun é sin a dhéanamh. Ba le feirmeoir an mhaoin go dtí le déanaí, agus is é siúd a chuir ar fáil roinnt de na fíricí atá ar taifead agamsa anseo. Creidim gur tógadh anuas ar chuid den suíomh ar a laghad. Nuair a leagadh an teach fágadh siléir fairsinge dúnta. Deir daoine áitiúla go raibh bailiúchán mór páipéar agus doiciméad i gceann acu ar ceadaíodh iad a scriosadh nó a scaipeadh, chomh maith le bailiúchán fíona fhíneáilte. Chreidtí go forleathan go raibh siléar amháin fós ann nár osclaíodh riamh. Cúpla bliain ó shin rinneadh fiosruithe, ach níor aimsíodh aon rud.’

Sa lá atá inniu ann, is gort é an suíomh ag Lochlands agus tá tithíocht fho-uirbeach ina thimpeall, é aghaidh amach ar Chuan Chorcaí. Is beag atá fágtha den teach nó de na foirgnimh lasmuigh de seachas clós mór a bhfuil balla cloiche timpeall air agus geata áirse clasaiceach peidiméide a bhfuil an dáta 1812 le feiceáil air. Sa ghort, tá grúpa mór crann arócair ar comhartha iad de shuíomh an tí féin nach bhfuil fágtha de ach roinnt iarsmaí de na siléir. Cailleadh Hugh Crawford i mí an Mhárta 1989 faraor. Ní hann do mhuintir Crawford i gCorcaigh anois ó cailleadh John Crawford i 2007.

Ar ais go barr

Ailtireacht

Gailearaí Ealaíne Crawford sa sneachta

Gailearaí Ealaíne Crawford sa sneachta

Tá amhras ann fós faoi cén t-ailtire a rinne an Teach Custaim i 1724. Sir Edward Lovett Pearce a dhear é dar leis an traidisiún áitiúil, ach bheadh ciall le rud a dhéanamh ar chomhairle Maurice Carig agus ‘a bheith cúramach gan géilleadh don chathú gach foirgneamh as 1730 a bhfuil chuma an Phiarsaigh air a leagan ar an máistir é féin’. Níl an foirgneamh chomh clasaiceach céanna leis na dearaí eile a rinne Pearce, amhail Bellamont, Baile an Chaisleáin, nó Pálás Chaiseal, agus an ghné shainiúil de na tithe seo — an chóireáil shainiúil Chlasaiceach ar an díon — ní mór ná go bhfuil sí ar fad imithe ó fhoirgneamh Chorcaí, áit nach bhfuil aon iarracht ar bun an díon géar slinnte a cheilt. (Ba chóir a thabhairt faoi deara áfach go luaitear ‘coirnis agus balastráid ag an mbarr’ i gcur síos Charles Smith ar an bhfoirgneamh i 1750’; mar sin féin, níl aon radharc ar bhalastráid sa phictiúr a tharraing an t-ailtire Henry Hill den fhoirgneamh i lár an naoú haois déag). Is cinnte go raibh sé ar chumas an ailtire a rinne an Teach Custaim obair a dhéanamh a bhí chomh galánta leis sin, ach is i dtraidisiún Angla-Ollainneach na mbrící dearga ba mhó a bhí a stíl siúd fréamhaithe seachas i gclasaiceachas ard Pallaidiach Pearce.

Is cuidithí go mór féachaint ar thithe eile ón ochtú haois déag i gceantar Chorcaí le haghaidh leideanna maidir le cén t-ailtire a rinne an Teach Custaim; agus i gcalafort Eochaille, níos lú ná tríocha míle ó chathair Chorcaí, tá teach mór ar an bpríomhshráid ar a dtugtar an ‘Red House’ a bhfuil bunús láidir le comparáid a dhéanamh idir é agus foirgneamh Chorcaí. Thóg Muintir Uniacke an Teach Dearg, ainm a tugadh air mar gur beag foirgneamh brící a bhí i gCúige Mumhan suas go dtí an t-ochtú haois déag i 1710 de réir dealraimh. Ar an ailtire agus an tógálaí Ollannach Leuventhen a leagadh é go traidisiúnta agus i ndearadh theach an bhaile in Eochaill tá príomhghnéithe atá le feiceáil ar an Teach Custaim i gCorcaigh freisin, amhail an cúrsa téada sainiúil ag leibhéal an chéad urláir, an façade mín briste, cuaillí agus fuinneoga aolchloiche mórthimpeall, agus lunette os cionn an dorais isteach.

Tá an geata cloig cáiliúil in Eochaill ag dul thar an bpríomhshráid freisin, agus cé gurb é dáta 1771 atá air, is cosúil go raibh sé múnlaithe go dlúth ar struchtúr níos luaithe. Is é Coltsman an t-ailtire a luann Craig mar ailtire a d’fhéadfadh an geata cloig a bheith déanta aige, agus déanann sé é a chur i gcomparáid le clog Naomh Áine ar den chineál céanna é, mar tá cuma stuimpíneach ar an ngeata cloig agus ar an teach araon, agus in ainneoin na dtréithe clasaiceacha atá iontu, tá an cluthar ina ghné chomónta eatarthu agus d’fhéadfadh sé gur ó phunann dearaí an tsaoir chéanna a tháinig siad.

Ina bhunchruth, bhí an Teach Custaim i gCorcaigh trí stór ar airde agus seacht mbáfhuinneog ar leithead ar an dá phríomhaghaidh. An façade thuaidh aghaidh amach aige ar an Laoi, tá briseadh trí bháfhuinneog sa lár, agus an façade thoir, tá sé níos leithne agus níos mó ornáidí, tá a cúig bháfhuinneog chuasaithe, agus ar chliatháin na báfhuinneoige is lárnaí tá colúin ionchorpraithe. Dórach ag leibhéal na talún, Iónach thuas, é dhá stór ar airde agus anainn snoite agus lunette os a chionn. Baineadh úsáid as móitíf na n-anann go forleathan mar shiombail den fháilteachas in ailtireacht na hEorpa agus Mheiriceá ón ochtú haois déag, ach tá nasctha ar leith idir í agus Newport, Oileán Rhode, ar calafort é a raibh rath air de barr na trádála leis na hIndiacha Thiar. Tá anainn chloiche le fáil ar roinnt foirgneamh i gCorcaigh ón tréimhse seo, agus is nod iad don dlúthnasc trádála a bhíodh idir Corcaigh agus na hIndiacha Thiar. Rinneadh an hanainn a shníomh d’aolchloch a bhfuil dath bán ar leith uirthi arb aolchloch í atá dúchasach i gCorcaigh. Is den chloch seo iad na colúin ionchorpraithe agus an lunette freisin, agus na cuaillí agus na fuinneoga mórthimpeall chomh maith. Is taitneamhach an chodarsnacht idir é seo agus aghaidh an fhoirgnimh ina bhfuil brící dearga — ach ba chóir a thabhairt faoi deara gur cuireadh aghaidh nua ar an bhfoirgneamh le brící nua nuair a tógadh an síneadh i1884, ionas gur fearr a bheadh na seanchodanna ag teacht leis na codanna nua. An bháfhuinneog is lárnaí sa façade thoir, colúin ar gach taobh de agus maisiúcháin eile ar a bharr sin, is cosúil gurbh é sin an príomhbhealach isteach chuig an Teach Custaim; mar sin féin, cuireadh fuinneog isteach faoin tráth, le linn athchóiriú 1884 freisin.

Ba é Teach Custaim foirgneamh chalafort rathúil Chorcaí go dtí tús na chéadfheidhme a baineadh as sa naoú haois déag. an Gailearaí mór atá ar leibhéal an chéad urláir agus ina bhfuil an buanbhailiúchán anois, ba é ‘Long Room’ an Tí Custaim é an chéad lá. Bhíodh scríobhaithe agus cléirigh ina suí ag boird fhada ar a mbíodh mórleabhair, billí luchta á n-ullmhú le haghaidh longa a sheoladh go Corcaigh agus amach aisti.

An cur síos is luaithe ar an Teach Custaim, tá sé le feiceáil sa leabhar Voyages en Anglois et en Francois d'A. de la Motraye, en divers-es provinces..., a foilsíodh i 1732. Tráchtann Mortraye ar an bhfoirgneamh agus deir sé gurb é ‘an foirgneamh poiblí is áille é, é tógtha ar an stíl Iodálach’. Fiche bliain níos déanaí nó mar sin, rinne Charles Smith an cur síos seo a leanas ar an bhfoirgneamh ina chuntas ar Chorcaigh:

‘Foirgneamh mór galánta é Teach Custaim, aon phríomhstruchtúr amháin ann, agus dhá chúlchuid; tá trí stór ann; na huillinneacha, an cás dorais, agus na frámaí fuinneoige, is de chloch ghearrtha iad, mar atá an choirnis agus an bhalastráid ag an mbarr; bríce atá sa chuid eile den fhoirgneamh. Sa teach seo, tá roinnt oifigí ann chun gnóthaí máil agus custaim an chalafoirt sin a bhainistiú; anuas air sin tá árasán galánta, agus na háiseanna go léir is cuí don bhailitheoir a bhfuil cónaí air sa teach. Ar an dá thaobh den fhoirgneamh tá na tithe stórais, a dtagann dhá phlásóg áille astu. Tá cé mhaith anseo, agus tá craenacha agus áiseanna eile ann chun earraí a urscaoileadh; tá canáil nua ann a rinneadh timpeall an Tí Custaim ionas go bhféadfaí roinnt soithí a fhágáil ann ag aon am amháin.’

De bharr go raibh an Sean-Teach Custaim róbheag, leagadh é sa bhliain 1724, cuireadh tús leis an bhfoirgneamh galánta seo a thógáil ansin ar chostas an Rí, agus críochnaíodh é an bhliain dar gcionn. Tá teach ar an bPríomhshráid, Sráid an Mhalartáin, agus úsáideadh é sin mar Theach Custaim roimhe sin; ar an teach sin tá airm Shasana, le long, í gearrtha sa chloch, in aice leis an díon’.

Ar ais go barr

Corcaigh an 18ú haois

John Butts View of Cork c. 1755 (Mionghné ina dtaispeántar Cé an Tí Custaim, Gailearaí Ealaíne Crawford anois). Á chur i láthair ag Muintir McCarthy 2005

John Butts View of Cork c. 1755 (Mionghné ina dtaispeántar Cé an Tí Custaim, Gailearaí Ealaíne Crawford anois). Á chur i láthair ag Muintir McCarthy 2005

Tháinig athrú mór ar charachtar ailtireachta Chorcaí le linn an naoú haois déag, agus is beag foirgneamh ón ochtú haois déag atá fós in aon chosúlacht dá riocht bunaidh. Mar thoradh ar an saibhreas suntasach a gineadh trí táirgí talmhaíochta a easpórtáil, tógadh roinnt tithe móra i gceantar Chorcaí agus an tháinig ó bhonn geall leis ar lár na cathrach. An carachtar tarraingteach Ollainneach ar shráideanna cúnga agus ar ché Chorcaí, d’imigh sé den chuid is mó, agus cuireadh ina áit bainc nua, oifigí poist agus teach custaim nua nuachlasaiceach a tógadh i 1814.

Is deacair teacht ar radharc ar an Sean-Teach Custaim. Sa dara leath den naoú haois déag, John Butts, ealaíontóir seánra agus tírdhreacha áitiúil, phéinteáil sé radharc mór lánléargais ar chathair Chorcaí, mar a chonacthas í ó áit ard ar an taobh thuaidh den abhainn. An chathair a fheictear sa phictiúr, is éard atá ann i ndáiríre cónascadh de dhá radharc ar leith agus tá sé de dhea-theist ar thallann Grogan mar phéintéir tírdhreacha gur éirigh leis iad a tháthú le chéile ar bhealach inchreidte. Tá Teach Custaim 1724 beagnach i lár an phictiúir, soithí seoltóireachta timpeall air, de réir an chur síos ó Charles Smith ina chuntas ó 1730, (é luaite in ‘The Architect of the Old Custom House’). Os comhair an Tí Custaim feictear ceann den dá ‘dá phlásóg áille’ a bhfuil cur síos déanta ag Smith orthu, agus is féidir façade tarraingteach Theach na Banríona Áine de chuid Richard Sainthill a aithint os cionn chrainn na long. An teach seo, agus an Teach Custaim, is iad an t-aon dá fhoirgneamh cois cé a léirítear sa phictiúr dá maireann go dtí an lá atá inniu ann.

Léiríonn péintéireacht Grogan an saincharachtar Ollainneach a bhí sa chathair ag an am sin. Tithe brící dearga ar feadh na gcéanna, a n-aghaidheanna ornáideacha os comhair na habhann. Sa phictiúr taispeántar an Sean-Teach Custaim agus é os comhair na cé móire iata, nó an phlásóg, áit a ndódh oifigigh chustaim tobac contrabhannach. Sa naoú haois déag rinneadh halla ceolchoirme den phlásóg ar a dtugtar an Athenaeum, a tógadh i lár an naoú haois. Foirgneamh colúnrach galánta ab ea The Athenaeum agus bhí caithis ar leith ag baint léi. Tugadh an Amharclann Ríoga nó ‘The Opera House’ air níos déanaí.

Tugadh ‘King’s Quay’ ar an gcainéal leathan in aice an Tí Custaim, agus is mar ‘canáil’ a thagair Smith tagairt dó. De réir chur síos Croker, bhí sé droimneach le linn an naoú haois déag agus ba é Nelson Place an t-ainm nua a tugadh air. Plás Emmet a thugtar anois air. Tá nóta le R. Day ón Cork Historical and Archaelogical Society 1892 ina luaitear gur líonadh isteach an ché. Is dócha go dtagann an nóta féin ó thréimhse níos luaithe sa naoú haois déag, mar go dtagraíonn sé don Royal Cork Institution, a bhí sa Teach Custaim ó 1832 go 1850:

‘Bhíodh Leabharlann reatha an Royal Cork Institution mar sheomra fada an tSean-Tí Custaim, agus sular tógadh Droichead Phádraig, ba dhuga a bhíodh i mbunchlocha an bhalla a scarann an clós ó Nelson Place’

Ar léarscáileanna de Chorcaigh san ochtú haois déag, léirítear faiche bhollaí díreach ar an taobh theas den Teach Custaim. Bhí tóir ar na bollaí mar spórt ag an am (tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara gurbh í an fhaiche bhollaí in aice le teach custaim chathair Nua-Eabhrac an chéad pháirc phoiblí a bhí aici). In ainmneacha na lánaí mórthimpeall Ghailearaí Crawford sa lá atá inniu tá léiriú ar an tréimhse: Lána Fhaiche na mBollaí, Sráid an Droichid Tógala, Sráid na Leathghealaí agus Sráid Theampall na Fraince — sráid a fuair a hainm ó Úgónaigh na Fraince a lonnaigh i gCorcaigh tar éis Fhorógra Nantes i 1685.

Cé Lavitt, os coinne an Tí Custaim, ainmníodh í i ndiaidh Joseph Lavitt (nó Lavitte), ceannaí Úgónach a tháinig go Corcaigh sa bhliain 1690 agus a rinne saibhreas as siúcra a scagadh agus biotáille a sholáthar d’arm Liam in Éirinn. Ba chuimhin le Richard Sainthill oiread mínáire a bheith ar Lavitt as foinse a shaibhris go raibh eochair bheag órnite ar crochadh ar shlabhraí airgid aige ó shíleáil stucó a sheomra bia. Mar sin féin, ní le siúcra ná uisce beatha amháin a bhain cúrsaí gnó Lavitt; thosaigh sé an chéad mhuileann páipéir i nGleann Maghair agus ba é siúd a chuir ar bun míntíriú agus forbairt na cé a bhfuil a ainm uirthi — an ché darb ainm Cé Lavitt faoi láthair, tá sé tamall eile suas an abhainn. I dtreo bhéal na habhann bhíodh Cé Seven Ovens, a fuair a ainm as an úinéir Ollannach, Theodore Vansenhoven. Bhí Meer Dyke Amstardam eile le feiceáil i gCorcaigh i bhfoirm siúlóid cois abhann Mardyke, é ina léiriú eile ar thionchar láidir na hÍsiltíre i gCorcaigh ag an am sin, agus ní haon ionadh é gur san Ísiltír atá an rud is gaire do stíl Grogan le fáil. D’eascair na tionchair seo ar ealaín agus ar ailtireacht Chorcaí ó na dlúththeagmhálacha tráchtála idir Amstardam agus Corcaigh san ochtú haois déag.

Leis an méadú ar mhéid na long lastais, agus de réir mar a bhí céanna nua á dtógáil chun freastal orthu níos faide síos san abhainn, tharla sé gur éirigh suíomh an tSean-Tí Custaim mí-oiriúnach. Nuair a tógadh an Teach Custaim tar éis 1810, thit an seanfhoirgneamh as úsáid ar feadh tréimhse fhada. Cuid mhaith comhlachtaí daonchairdis agus oideachais i gCorcaigh, ar nós an Royal Cork Institution agus an Cork Mechanics Institute, rinne siad iarratas ar an rialtas an foirgneamh a úsáid, ach ní raibh an RCI ábalta a leabharlann mhór, a uirlisí eolaíochta ná a mhúnlaí dealbh a aistriú isteach sa seanfhoirgneamh go dtí 1832 ar deireadh. Ar feadh fiche bliain ina dhiaidh sin, ba é an Sean-Teach Custaim croílár an oideachais ealaíne agus eolaíochta sa chathair. Mar sin féin, nuair a bunaíodh Coláiste na Banríona i gCorcaigh i 1849, cuireadh deireadh leis an úsáid éifeachtach a bhíothas a bhaint as RCI, agus athosclaíodh an SeanTeach Custaim an bhliain chéanna mar Government School of Design, ceann den líon mór scoileanna den sórt sin a bunaíodh ar fud Shasana, na hÉireann, na hAlban agus na Breataine Bige ag an am. Sa bhliain 1884, cuireadh síneadh mór leis an School of Design, agus ba é Crawford School of Art an t-ainm nua a tugadh air. Is é an síneadh seo, agus an Teach Custaim bunaidh, Gailearaí Ealaíne Crawford anois.

Ar ais go barr

Tiomnacht Gibson

Sean Keating Men of the South (mionghné) 1921

Seán Keating Men of the South (mionghné) 1921

Ar an 3 Feabhra 1919, Joseph Stafford Gibson as Cill Mhuire i gCo. Chorcaí ó dhúchas, cailleadh é i Maidrid, agus é 82 bliana d’aois. Cé gurbh as seanteaghlach Muimhneach é, chaith Gibson an chuid is mó dá shaol sa Spáinn. Ba ealaíontóir amaitéarach díograiseach é agus chruthaigh sé líon suntasach uiscedhathanna ina léirítear tírdhreacha agus bailte na Spáinne. Ar a shiúlta dó ar ais go Corcaigh ó am go chéile, d’iarradh Gibson idir chomhairle agus spreagadh ó James Brenan, príomhoide ag an School of Art. Mar chomhartha buíochais as an gcabhair seo, thiomnaigh Gibson don School of Art a bhailiúchán bonn, roinnt píosaí de cheirmeacha agus d’earraí airgid Spáinneacha, agus rud is tábhachtaí fós, suim airgid £14,790 ‘as ealaín a chur chun cinn i gcathair a óige’. Chun téarmaí na huachta a chur i gcrích, bunaíodh an ‘Gibson Bequest Committee’ i 1922 agus J.B. Giltinan mar Rúnaí. (N.B. Tá siad seo á gcoimeád i nGailearaí Crawford sa lá atá inniu ann, leabhair mhiontuairiscí ina dtugtar mionsonraí ar chuid de na cruinnithe luatha a bhí ag an Gibson Bequest Committee, le haghaidh na mblianta 1922 go 1926, agus faightear an cuntas seo ar fad geall leis ó na taifid lámhscríofa seo).

Ceann de na chéad rudaí a bhí le breithniú ag an Gibson Bequest Committee ná an caibinéad taispeána, rud a d’iarr Joseph Stafford Gibson a dhéanamh chun a bhailiúchán pearsanta a thaispeáint. Ag ceann de na chéad chruinnithe a bhí ag an Gibson Committee a tionóladh Dé Sathairn an 11 Samhain 1922, mhol Daniel Corkery go gcuirfí dhá inscríbhinn sa chaibinéad, ceann i mBéarla agus ceann i nGaeilge chun taifead a dhéanamh ar fhlaithiúlacht Joseph Stafford Gibson. Aontaíodh air seo, agus iarradh ar James Archer greanadh a dhéanamh ar na hinscríbhinní atá le feiceáil fós ar an gcaibinéad taispeána Gibson sa lá atá inniu ann. Gheall an cathaoirleach go rachadh sé i gcomhairle leis an Dr Westropp ón Ard-Mhúsaem maidir leis na boinn a bhí sa chás. Aontaíodh go gceannófaí ar chostas £1 eitseáil a rinne Griffin de Chéanna Chorcaí, iarmhac léinn de chuid an School of Art. Is. 0d.

Fadhb eile a bhí ann ná cén bealach ina bhféadfaí an tiomnacht a úsáid chun cabhrú le mic léinn an School of Art. Rinne an coiste plé ansin maidir leis an gcéad mac léinn a roghnaíodh, William Sheehan, é a chur chuig ‘ionad ealaíne ar an mór-roinn’. George Atkinson, príomhoide an Metropolitan School i mBaile Átha Cliath, dúirt sé gurbh í Sheehan ‘an fear óg ba chumasaí a bhí in Éirinn, cé is moite de Keating’. Cinneadh scoláireacht a bhronnadh ar Sheehan ar feadh trí mhí agus é a sheoladh chuig Páras. Mar sin féin, ag an gcéad chruinniú eile den Gibson Committee, is éard a cinneadh, ‘ar chúiseanna tábhachtacha’, ná gur cheart do Sheehan dul go Maidrid ina ionad sin. D’fhéadfadh sé gur chúinsí eile seachas an ealaín féin a bhí taobh thiar den athrú sin. Bhí liúntas cothaithe £20 sa mhí le tabhairt do Sheehan; bhí sé chun costais a fháil chun taisteal den tríú grád a dhéanamh go Maidrid — bhí salún ar na galtáin — agus d’íocfaí a theagasc agus a chanbhás ach ‘na costais sin a bheith deimhnithe i gceart’. Chaithfí cuid de chostais mhac léinn faighte na scoláireachta a thabhairt dó roimh ré, mar gur measadh gur ‘ar éigean a ghlacfaí le hOrdú Íocaíochta an Choiste i Maidrid’. Glaodh ar Sheehan é féin os comhair an Gibson Committee agus tugadh dó comhairle faoin mbealach leis an leas is fearr a bhaint as an deis órga seo a bhí á tabhairt dó. Thug George Atkinson faoi Sheehan a chur in aithne i Maidrid, ionas go bhféadfadh sé cuairt a thabhairt ar stiúideonna péintéirí éagsúla.

Rinne an Gibson Committee breithniú ansin ar oibreacha a cheannach le haghaidh an Ghailearaí Ealaíne. Chuir George Atkinson ar fáil dóibh liosta d’ainmneacha na ndaoine a bheadh ina bpainéal maith comhairleoirí. I measc na ndaoine sin bhí Uachtarán an Royal Hibernian Academy, Stiúrthóir an National Gallery of Ireland agus Príomhoide an Metropolitan School of Art. Ar mhaithe le leanúnachas ba é ainm na hoifige a chuir Atkinson ar aghaidh seachas an sealbhóir. Bheadh an triúr sin mar núicléas an phainéil, agus na daoine eile le ceapadh ag an gCoiste, de réir mar ba ghá. Chomh maith leis sin, d’ullmhaigh Atkinson liosta ealaíontóirí Éireannacha, agus chuir sé réaltaí leo in ord a thuairime ar an tábhacht a bhain leo, ach dúirt sé freisin gur maith an rath a bheadh orthu dá mba rud é go bhfaigheadh an Gibson Bequest Committee ‘Hone maith nó Osbourne’ as an gceannach a bhí le déanamh acu. Níor thaitin leis an Bequest Committee an smaoineamh go gceapfaí sealbhóirí oifige, ach bhí Dermod O’Brien PRHA, Langton Douglas (Stiúrthóir an National Gallery of Ireland) agus George Atkinson féin mar chuid dá liosta féin. Bhí an triúr fear seo le feidhmiú mar shainchomhairleoirí ag Daniel Corkery agus Hugh Charde, Dara Máistir ag an Crawford School of Art.

Dé Sathairn an 3 Feabhra 1923, rinneadh plé faoi phictiúir a cheannach le haghaidh an Ghailearaí Ealaíne, ach is éard a dúirt J.J. O’Connor go raibh sé ag fanacht le cóip de na rialuithe maidir leis an Chantrey Bequest ag an Tate Gallery, agus gur beag a d’fhéadfaí a dhéanamh go fóill. Pléadh diúscairt chuimhneacháin, leabhair agus bailiúchán ealaíne Gibson, agus cinneadh gur cheart a uiscedhathanna a cheangal i bhfillteáin leathair, lena ndearadh ag ‘Miss Scott’ de chuid an School of Art; bhí a bhailiúchán greantaí le dul go dtí an Scoil freisin, agus d’fhéadfadh na ranganna Deartha a bhailiúchán de pictiúir d’fhéileacáin a úsáid freisin. Chuaigh cuid de leabhair Gibson go dtí leabharlann na Scoile, tugadh cinn eile don ‘leabharlann saor in aisce’. Bhí a bhís bheag le tabhairt don rang cruanta, a chuid teileascóp agus spéaclairí opera le tabhairt don rang líníochta beo, agus a thua, is é an School of Art a gheobhadh é.

Ar an 5 Bealtaine 1923, tuairiscíodh go raibh William Sheehan tar éis tabhairt faoin Spáinn, d’fhág sé Corcaigh an 4 Aibreán agus bhainfeadh sé Maidrid amach an 10 Bealtaine. Go díreach ar theacht dó, bhí mac léinn óg na scoláireachta i bhfiacha, 12 peseta as teileagram a chur chuig rúnaí an Bequest Committee. Thuairiscigh sé go raibh sé i mbun staidéir ag an Academia de Bellas Artes i Maidrid. Fuair Sheehan liúntas seachtainiúil £6, nó 150 peseta. Ba é a bhille óstáin don chéad naoi lá 218 peseta, méid ba mhó ná a liúntas iomlán don tréimhse sin, ach tháinig laghdú ar an gcostas sin nuair a chuaigh sé chuig pension. Fiú amháin tar éis litir a fháil ó H.A.K. Boyd thar ceann Sheehan, litir ina ndúradh nár leor a liúntas, dhiúltaigh an Bequest Committee é a ardú, ach chuir siad £5 a chur ar aghaidh chun a fhiacha a chlúdach. Faoin 2 Meitheamh 2, fós ní raibh freagra tugtha ag Senor Bley ón Academia maidir le cé mar a bhí Sheehan ag cruthú, ach aontaíodh mar sin féin a scoláireacht a shíneadh thar an tréimhse phromhaidh. Mar sin féin, an 15 Meitheamh, glaodh cruinniú speisialta de chuid an Bequest Committee, tar éis tuairiscí a fháil go raibh Sheehan ag baint úsáide as na litreacha a scríobhadh chun é a chur in aithne do dhaoine tábhachtacha i Maidrid (litreacha arbh Atkinson a thug dó iad) ar mhaithe le ‘le hairgead a iarradh agus é faoi thionchar na dí, ar an mbonn nach raibh an Gibson Request Committee ag tabhairt dóthain dó le maireachtáil’. Mhol Comhairleoir Ellis gur cheart deireadh a chur leis an scoláireacht ‘i bhfianaise gur theip ar an Uasal William Sheehan úsáid chuí a bhaint as an deis a tugadh dó a ghairm ealaíne a bhaint amach’. Níor cuireadh i gcoinne an mholta.

Ní fada ina dhiaidh sin a cailleadh William Sheehan ar chúinsí nach eol, agus an 20 Deireadh Fómhair 1923, mhol an Coiste vóta comhbhróin lena ghaolta. Bliain ina dhiaidh sin, de réir théarmaí an Gibson Request, na pictiúir a bhí déanta ag Sheehan agus é i Maidrid, rinneadh iad a chrochadh sa Ghailearaí Ealaíne, ar feadh cúig lá déag. Chinn an Bequest Committee gan aon éileamh úinéireachta a dhéanamh i dtaca leis na saothair seo, ach ina ionad sin cuireadh faoi bhráid mháthair Sheehan iad, agus iarradh uirthi a machnamh a dhéanamh faoi cheann (péintéireacht de dhuine nocht) a chur i láthair lena áireamh i mbailiúchán Gibson.

Dhírigh an Bequest Committee a aird ar phictiúir a cheannach le haghaidh an Ghailearaí. Ar an 1 Nollaig 1923, mhol Atkinson, Corkery agus Charde go gceannófaí ‘In Capel Streets’ le Jack B. Yeats, ‘a Sketch in Oils’ le Daniel A. Vere Smith, agus an ceann múnlaithe úd ‘An Stracaire Fir’ le Joseph Higgins. Thug Atkinson cuairt ar stiúideo Jack B. Yeats é féin, agus mhol sé go gceannódh an Coiste ‘Off the Donegal Coast’ agus canbhás níos lú, A Quayside Worker.

Rinne an Coiste na nithe thuasluaite go léir a cheannach, cé is moite de na cinn dheireanacha. Chomh maith leis sin mhol Atkinson Men of the South le Sean Keating mar ‘shaothar mhaith; mórshaothar beagnach’; thacaigh Dermod O’Brien leis an mholadh seo uaidh. Roinnt seachtainí ina dhiaidh sin, ar an 15 Nollaig, tháinig an Coiste ar aon fhocal maidir le sraith rialacha maidir le saothair a cheannach le haghaidh an Ghailearaí Ealaíne.

Anuas ar shaothair bhunaidh a rinneadh as olaí, uiscedhathanna, pastail, dúch, pointe airgeadaithe agus criáin, chuirfeadh an Coiste dealbha (cé nach n-oibríonn plástar ach in imthosca eisceachtúla) agus priontaí san áireamh (eitseálacha, meistintí, pointí tirime, gearrthacha adhmaid). Áiríodh na healaíona maisiúla ar an liosta, agus luadh saothar na ngaibhne óir agus na ngaibhne airgid, chomh maith le gloine dhaite agus adhmadóireacht. Tugadh tús áite do cheannach na bportráidí le ‘pictiúir ábhair’, tírdhreacha agus dealbha san ord sin. Bhí an painéal Comhairleoirí le cinneadh a dhéanamh maidir le gach ceannachán, agus bhí baill an phainéil le taisteal go dtí na ‘Ionaid Ealaíne Mhóra’ chun saothair a roghnú le haghaidh Ghailearaí Chorcaí.

Tháinig a lán moltaí isteach ansin ón bpainéal sainchomhairleoirí, ó George Atkinson go háirithe, portráid Gerald Festus Kelly de Sasha Kropotkin a bhí ar taispeáint i mBaile Átha Cliath i 1922 á moladh go láidir aige. Ceannaíodh é go deimhin, ar 250., an praghas céanna a iarradh ar Men of the South le Keating, agus suim nach raibh i bhfad ón méid a bhí Jack B. Yeats a iarraidh as Off the Donegal Coast. Agus na suimeanna suntasacha seo á gcaitheamh ar shaothair le haghaidh an Cork Art Gallery, spreagadh spéis áitiúil agus cuireadh in iúl don Gibson Bequest Committee go gceannófaí saothar ealaíontóirí áitiúla le haghaidh an ghailearaí ón Munster Fine Arts Exhibition a bhíodh ann go bliantúil. Mar sin féin, chuir an Bequest Committee i gcoinne an achomhairc sin.

Ar ais go barr

Scoil Ealaíne

Crawford Art School go luath sa 20ú hAois An Céad

Crawford Art School go luath sa 20ú hAois An Céad

Le linn an naoú haois déag bhí baint ag go leor daoine cumasacha le Cork School of Art, nó, mar a tugadh ina dhiaidh sin air, le Crawford School of Art; ach James Brenan, príomhoide na scoile ar feadh 29 bliain go dtí gur imigh sé go Baile Átha Cliath sa bhliain 1889, ba é siúd a bhunaigh an scoil go daingean sa staid is tábhachtaí a bhí aici riamh san oideachas ealaíne in Éirinn. Thug Strickland moladh don ‘ghnáthchiall, don ghéarchúis agus don stuaim’ a bhí aige, agus caithfidh sé dá iarrachtaí siúd a spreagadh William Horatio Crawford chun tacú leis an síneadh mór ar an scoil i 1884.

Leis an síneadh ar Cork School of Art tháinig roinnt gailearaithe iontacha nua saintógtha agus b’éigean athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh ar fad. Mar thoradh ar an bhflaithiúlacht sin, bhí an foirgneamh nua lena shloinne a thógáil, agus is é atá aige go dtí an lá atá inniu ann. Is é Arthur Hill, ón gcomhlacht ailtirí Hill & Co., a dhear an síneadh agus is é a rinne cuid mhaith den obair tógála foirgneamh Victeoireach is fearr i gCorcaigh, agus is oiriúnach agus is taitneamhach an úsáid shaintréitheach a bhain siad as brící dearga le haolchloch bhán Ag breithniú ó líníochtaí ailtireachta a chuir an gnólacht Hill & Co. isteach, is cosúil go raibh sé i gceist ar dtús go ndéanfaí Scoil Ealaíne agus Eolaíochtaí i dteannta na síntí agus an méid eile a bhí le cur leis an Sean-Teach Custaim i 1884, agus go deimhin, ar na geataí iarainn saoirsithe ag an mbealach isteach chuig Gailearaí Crawford atá inniu ann, ach is é an rud a tharla sa deireadh go ndearnadh na moltaí sin a ghearradh siar, agus is é Crawford School of Art an teideal foirmiúil a tugadh ar an bhfoirgneamh a sheasann anois ar Phlás Emmet.

An tsamhail scála a rinne an t-ailtire den fhoirgneamh nua a bhí beartaithe, tá sí fós i mbailiúchán príobháideach i gCorcaigh, agus is uaillmhianaí go mór í ó thaobh scála agus cóireála de ná an síneadh a cuireadh i gcrích. Sa tsamhail seo, agus sna pleananna talún a bhaineann léi, is léir gurbh é an rún bunaidh a bhí ann ealaín agus teicneolaíocht a mhúineadh faoi aon díon amháin, músaem ealaíne agus músaem eolaíochta araon ag cur lustre breise leis an bhfoirgneamh.

Bhí roinnt túiríní le bheith ag Crawford School of Science and Art, seachas an t-aon túirín ochtagánach amháin ar dlaoi mullaigh de chuid an fhoirgnimh é sa lá atá inniu, agus dá dtógfaí iad, bheadh roinnt mhaith foirgneamh cathrach náirithe ag an scoil. Mar is amhlaidh i gcás go leor tograí uaillmhianacha ailtireachta den sórt sin, foirgneamh dochreidte ab ea an Crawford School of Art nua, ainneoin gur leagan gearrtha siar de atá ann, agus gur léir feasacht níos géire ar shrianta airgeadais san fhoirgneamh a tógadh i ndáiríre. D’éirigh le Arthur Hill an síneadh nua a mheascadh le foirgneamh Shean-Teach Custaim 1724. Dealraíonn sé gur chuir sé de stró air féin aghaidh nua ar fad a chur ar an bhfoirgneamh a bhí ann leis na brící nua céanna, ionas go ndéanfadh an dá chuid comhchuibhiú lena chéile. An túr ochtagánach atá ar an bhfoirgneamh atá ann faoi láthair (saintréith de chuid ailtireacht Hill), is léiriú é ar an Sean-Teach Custaim/School of Design agus an School of Art agus an Gailearaí curtha mar shíneadh leis.

Chuir an síneadh nua níos mó ná a dhá oiread le méid an fhoirgnimh, dhá ghailearaí dealbh á gcur leis, chomh maith le seomra líníochta beo agus ceardlann ar urlár na talún, agus cúig stiúideo mhóra ar an gcéad urlár chun an phéintéireacht agus gníomhaíochtaí eile a theagasc. Ón staighre mór mahagaine, a bhfuil eorna ina síobha adhmaid snoite air, is féidir an príomh-halla painéalta agus trí ghailearaí taispeána áille a bhaint amach, áit a bhfuil cuid de na pictiúir is tábhachtaí ón naoú haois déag ar taispeáint i mbailiúchán an ghailearaí. Tá leabharlann iontach ar an urlár seo freisin, painéalú adhmaid ar fad déanta uirthi, le feistis solais práis agus cásanna leabhar gloinithe. Aistríodh go leor de na leabhair ón leabharlann seo go leabharlann an College of Art nua i 1979, ach an chuid díobh atá fágtha is teist iad ar stair an fhoirgnimh, go leor acu a bhfuil rian an Royal Cork Institution nó an Government School of Design.

Tháinig méadú faoi dhó ar mhéid na scoile agus den chéad uair bhí gailearaithe saintógtha ar fáil chun dealbha agus pictiúir a chur ar taispeáint, chomh maith le stiúideonna chun ealaín a theagasc. Is é an dáta 1884 atá ar na geataí iarainn saoirsithe ag an mbealach isteach chuig foirgneamh nua an School of Art and Gallery, an bhliain inar críochnaíodh síneadh agus athchóiriú an fhoirgnimh. Reáchtáladh an searmanas oscailte oifigiúil i mí Aibreáin na bliana dar gcionn nuair a rinne Prionsa na Breataine Bige (Rí Edward VII ina dhiaidh sin) an foirgneamh a sheoladh go foirmiúil.

Tá rath ar Crawford School of Art sa lá atá inniu ann go fóill cé nach bhfuil sé lonnaithe a thuilleadh sa Sean-Teach Custaim, mar gheall gur aistríodh í chuig ionad an Technical School a bhíodh ar Shráid Sharman Crawford i 1979. Coláiste Ealaíne agus Deartha Crawford a thugtar anois air, agus taobh amuigh den Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, is é fós an coláiste ealaíne tríú leibhéal is tábhachtaí i bPoblacht na hÉireann. An seanáras a bhí aige, an Sean-Teach Custaim, is é an t-aon úsáid a bhaintear geall leis ionad a chur ar fáil do Ghailearaí Crawford agus do phríomhoifigí City of Cork Vocational Education Committee, dream a bhfuil an Gailearaí agus an Scoil Ealaíne á riar go cumasach acu leis an gcuid is mó den fhichiú haois. Cé gur laghdaigh ar an teagmháil dhlúth a bhí ann le fada idir an Scoil Ealaíne agus bailiúchán ealaíne na cathrach, is mór an tairbhe don Scoil Ealaíne an spás taispeána méadaithe atá ar fáil in iar-stiúideonna na Scoile Ealaíne. Agus an traidisiún a bhaineann leo go mór mór.

Ar ais go barr

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content