CAG.108 Harry Clarke, The Pit and the Pendulum, c.1919, peann agus dúch ar pháipéar, 27.3 x 20.3 cm. Ceannaithe, an tEalaíontóir, 1924 (Ciste Tiomnachta Gibson).
Deis é SAOTHAR NA SEACHTAINE seo súil níos grinne a chaitheamh ar cheann amháin den 23 uiscedhath agus líníocht le Harry Clarke atá le fáil inár mbailiúchán.
Tugtar léargas sa léaráid iontach pinn agus dúigh seo ar ‘uafás ríméadach’ an téacs foinse urchóideach, “The Pit and the Pendulum” (1842). Chruthaigh Clarke an saothar seo mar chuid de choimisiún le haghaidh eagrán galánta nua de Tales of Mystery and Imagination le Edgar Allan Poe a d'fhoilsigh George G. Harrap sa bhliain 1919. Chosain cóip cúig ghine céad bliain ó shin!
Baineann an scéal seo le reacaire, ár bpríomhcharachtar, atá daortha agus ciaptha faoi Ionchoisne na Spáinne. Is scéal dorcha agus dochreidte atá ann ina seasann na seacht gcoinneal san íomhá don aistear idir dóchas agus éadóchas. Is léir go raibh spéis ag Clarke i gcáilíochtaí urghránna agus céadfacha scríbhneoireacht Poe, agus chabhraigh na léaráidí a tharraing sé cur go mór leis an gcáil a bhí air féin.
Faighte trínár gCiste Tiomnachta Gibson sa bhliain 1924, níor thaitin saothar Clarke le gach duine, áfach. I miontuairiscí cruinnithe coiste a reáchtáladh an bhliain sin, ‘Cheangail painéal Comhairleoirí Saineolacha nóta lena dtuarascáil mar thagairt do shaothar amháin a rinne an tUasal Clarke dar teideal A Man of the Crowd inar sonraíodh, mar gheall ar nádúr an ábhair agus an chóireáil Ógartach, go mb'fhéidir nach nglacfaí leis mar shaothar atá oiriúnach le cur san áireamh sa bhailiúchán.’
Ar an gcuma chéanna, ní bheadh aon ghlacadh ag W.B. Yeats le saothar scríbhneoir cosúil le Poe. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an mbuaiteoir Dhuais Nobel, ‘the Pit and the Pendulum and the Raven do not seem to me to have permanent literary value of any kind ... Analyse the Pit and the Pendulum and you find an appeal to the nerves by tawdry physical affrightments...’
Tá The Pit and the Pendulum (c.1919) le Harry Clarke á thaispeáint mar chuid de THIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie