CAG.344 The Jove of Otricoli (The Colossal Head of Jupiter Olympus), c.1816, teilgean plástair bunaithe ar dhealbh bhrád marmair in Musei Vaticani, 87 x 55 x 26 cm. Aistrithe, Institiúid Ríoga Chorcaí, c.1849.
By Jove! Tá sé in am do SHAOTHAR NA SEACHTAINE.
An raibh a fhios agat go bhfuil an gháir thraidisiúnta seo bunaithe ar ainm malartach ar Iúpatar, dia Rómhánach na spéire agus na toirní? I dtraidisiún na Gréige, is é Séas a chomhionann, ceannaire na ndéithe Oilimpeacha.
Tá an saothar seo le fáil i measc ár dTeilgean Canova cáiliúil, a rinneadh sa Róimh faoi mhaoirseacht Antonio Canova agus a cuireadh i láthair an domhain mhóir 200 bliain ó shin. Tá an teilgean áirithe seo bunaithe ar dhealbh bhrád Rómhánach de Jupiter Olympus a aimsíodh in Otricoli san Iodáil sa bhliain 1775 tráth a raibh tochailtí a bhí maoinithe ag Pápa Pius VI (1717-1799) á ndéanamh.
Díol spéise is ea gur faoi cheannas an phontaif seo, agus Napoleon Bonaparte, a síníodh Conradh Tolentino ar an 19 Feabhra 1797. Cheadaigh téarmaí an chonartha seo seandachtaí a ghabháil, lena n-áirítear The Jove of Otricoli, téarmaí nár athraíodh go dtí 1815, agus a bhí mar bhonn le cruthú ár dteilgean. Sin agaibh castachtaí an scéil!
Tá The Jove of Otricoli á thaispeáint mar chuid de RECASTING CANOVA inár nGailearaithe na nDealbh.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie