CAG.36 Gerald Festus Kelly, Portrait of Sir Hugh Lane, c.1911, olaphictiúr ar chanbhás, 112.3 x 84.4 cm. Ceannaithe, le cúnamh ó Chairde Bailiúchán na hÉireann, 1961 (Ciste Tiomnachta Gibson).
Deis é SAOTHAR NA SEACHTAINE smaoineamh ar Sior Hugh Lane, a cailleadh ar an lá seo sa bhliain 1915 nuair a bhí sé 39 bliain d'aois.
Bhí Lane i measc an 1,198 paisinéir a bhí ar bord an RMS Lusitania a cailleadh i ndiaidh ionsaí U-Bháid. Íoróin thragóideach ba ea go ndeachaigh an long go tóin poill 18km amach ó An Seancheann, Contae Chorcaí, sách gar dá áit bhreithe.
Rugadh Hugh Percy Lane i dTeach an Bhaile Bhric, Dúglas, Contae Chorcaí sa bhliain 1875, ach ba sa Bhreatain a tógadh é ón uair a raibh sé an-óg. Ba é James Lane, ministir de bhunadh Chorcaí, agus Adelaide Persse ó Chreig an Róistigh, Contae na Gaillimhe a mháthair, agus ba í an Bhantiarna Augusta Gregory a aintín. Pearsa thábhachtach i saol ealaíne na hÉireann agus sa saol ealaíne idirnáisiúnta ba ea Lane: margaire agus bailitheoir ealaíne cáiliúil, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus bunaitheoir ghailearaí cathrach Bhaile Átha Cliath (Gailearaí Chathair Bhaile Átha Cliath - Hugh Lane), gailearaí atá bunaithe ar a ainm agus chomh maith leis sin, síltear gurb é seo an chéad ghailearaí poiblí nua-ealaíne ar domhan.
Ba é Sior Gerald Festus Kelly PRA (1879-1972) a rinne an phortráid seo a ceannaíodh in 1961 ó eastát Ruth Shine – deirfiúr agus cosantóir Lane – trí Chiste Tiomnachta Gibson, le cúnamh ó Chairde Bailiúchán Náisiúnta na hÉireann. Tá an saothar seo ar taispeáint in TIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú agus Daonchairdeas.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie