CAG.27 Norman Garstin, Sunshine in the Beguinage, 1908, olaphictiúr ar chanbhás, 91 x 75.5 cm. Bronnta, Bean Garstin.
Blaiseadh den Mhór-roinn atá le fáil i SAOTHAR NA SEACHTAINE seo – Sunshine in the Beguinage (1908) leis an ealaíontóir Éireannach Norman Garstin.
Faoi scáth ballach béguinage (campún ailtireachta do phobal de mhná reiligiúnacha tuata), tá maoirseacht á déanamh ar leanbh le gruaig fhionn fad is atá an leanbh dírithe ar dhuilleoga a scuabadh ó na clocha duirlinge mórthimpeall. De bhrí gur léir go bhfuil an scuab rómhór, an bhfuil seans ann go bhfuil comhairle chríonna le roinnt ag an mbean leis an leanbh? Sa chúlra, tá mná rialta agus tuataí le feiceáil, agus tá leanaí eile ag fanacht (go foighneach?) ag doras.
Díreach cosúil leis na hImpriseanaithe, a raibh meas aige ar a saothar, is staidéar ar sholas agus ton é pictiúr álainn Garstin, agus gach seans gur péinteáladh é en plein air (amuigh faoin aer). Tá an saothar seo, ar dócha a péinteáladh ag béguinage in Antuairp nó Lováin, cosúil leis an gcomhdhéanamh atá le feiceáil sa saothar dar teideal The Red Houses (1912) a rinne sé ina dhiaidh sin agus faoi réir Béguinage Church (Museums Sheffield) agus Madonna Lilies.
Ba de bhunadh Chathair Chinn Lis, Contae Luimnigh é Norman Garstin (1847-1926) agus chaith sé blianta a óige in Jersey, Corcaigh, Londain agus Cape Town, sular chláraigh sé in Acadamh Ríoga na Mínealaíon in Antuairp sa bhliain 1880. Ina dhiaidh sin, chaith sé tamall ag staidéar faoi stiúir Carolus-Duran i bPáras, áit ar casadh Edgar Degas air, agus thaistil sé fud fad na Fraince, na Spáinne, na hIodáile agus Mharacó.
Shocraigh Garstin síos i gCorn na Breataine i ndiaidh dó Louisa ‘Dochie’ Jones a phósadh sa bhliain 1886 agus bhí baint aige le Scoil Newlyn. Ealaíontóir cáiliúil ba ea a n-iníon, Alethea Garstin (1894-1978) freisin, agus dúradh nárbh fhéidir smacht a choinneáil ar a mac is sine, an scríbhneoir Crosbie Garstin (1887-1930) nuair a bhí sé ina leaid óg!
Tá Sunshine in the Beguinage (1908) le Norman Garstin á thaispeáint mar chuid de SEEN, NOT HEARD, atá oscailte gach lá go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2019.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie