CAG.2617 Jonathan Fisher, 10th View of Killarney, Eagle's Nest, 1789, uiscimir ar pháipéar, 26 x 36 cm.
Ar thráthnóna fliuch Dé Máirt, is ag triall ar Chill Airne atáimid, áit chónaithe na n-iolar...
'But on the liquid glass we dazzled gaze,
And fainting ask for shade: lo! where his nest
The bird of Jove has fixed: the lofty brow,
With arbutus and fragrant wild shrubs drest'
- Sliocht as "Written at the Eagle's Nest Killarney. July 26, 1800" le Mary Tighe
Tá The Eagle's Nest i mbéal an phobail le fada an lá, ach oiread leis an bhfile Mary Tighe (1772-1810) agus an t-ealaíontóir Jonathan Fisher. Bhí tóir ag lucht bádóireachta a raibh dúil acu sa dúlra Draíochtúil - agus i mothúcháin an bhróin agus an uamhain, ar an sainchomhartha sainiúil seo i gCill Airne san ochtú agus sa naoú haois déag. Go deimhin, in 1780, tharraing Arthur Young aird ar an bpointe gur scaoileadh canóin anseo chun eispéireas cuairteoirí a fheabhsú agus gurb ionann ‘na macallaí a bhí le cloisteáil ina dhiaidh sin agus plimp thoirní iontach’ (A Tour in Ireland).
Tá léargas éigin ar an ngníomhaíocht sin le fáil againn trí na pearsana éagsúla (ar a dtugtar 'oiriúintí') atá le feiceáil i radharc Fisher agus sa charria ar baineadh geit as ag íochtar an phictiúir ar dheis. Téann an t-ealaíontóir beagán thar fóir, áfach, trí éan mór a phéinteáil in aice le barr na sléibhe agus crann gleoite a phéinteáil i lár a chomhdhéanaimh.
Thug Jonathan Fisher (1740-1809) a chéad léargas ar an lomán creagach seo i bpictiúr a phéinteáil sé sa bhliain 1770, agus 19 mbliain ina dhiaidh sin a rinne sé an radharc seo, agus phéinteáil Daniel Macdonald (1821-1853) é ina dhiaidh sin sa bhliain 1841. Ba é Fisher ceann de na healaíontóirí ba thúisce a tharraing cáil ar an tírdhreach seo i gContae Chiarraí trína shraith de 20 radharc 'cárta poist' de Chill Airne agus an ceantar máguaird ón mbliain 1789.
Beidh THAT ABRUPT MAGNIFICENCE: Radhairc Jonathan Fisher de Chill Airne ar taispeáint inár nGailearaithe Nua-Aimseartha (Urlár 2) go dtí an 12 Meitheamh 2019.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie