CAG.814 Michael Flynn, A Change of Costume, 1977, liteagraf (5 as 10), 45.5 x 39 cm. © an t-ealaíontóir.
“For apparel oft proclaims the man” (Hamlet scríofa ag Shakespeare), nó mar a deirtear i gCorcaigh, “fine feathers make fine birds.”
Tá fonn orainn Oíche Shamhna a cheiliúradh i ndiaidh dúinn súil a chaitheamh ar shaothar Michael Flynn dar teideal A Change of Costume, ár SAOTHAR NA SEACHTAINE!
Is liteagraf suaithinseach é seo a rinneadh in 1977, ceann amháin de cheithre phrionta de chuid an ealaíontóra atá againn inár mbailiúchán, prionta ina dtugtar léargas ar rólghlacadh agus ar an gcaidreamh idir daoine agus ainmhithe. Thug Flynn, ar ceirmeoir comhaimseartha é, le fios gurb ionann a shaothar ag an tréimhse seo agus sintéis idir tragóid agus fronsa agus go bhfuil na híomhánna bunaithe “ar rudaí a tugadh faoi deara, grianghrafadóireacht, ceol, damhsa, cuairteanna ar an amharclann agus go háirithe litríocht.”
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie