Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 3 Nollaig 2018

Daniel Macdonald, The Village Funeral - An Irish Family by a Graveside during the Great Famine, n.d., oil on canvas, 47.5 x 56 cm.

CAG.3051 Daniel Macdonald, The Village Funeral – An Irish Family by a Graveside during the Great Famine, c.1850, olaphictiúr ar chanbhás, 47.5 x 56 cm. Ceannaithe, le cabhair ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 2018.

Tabhair faoi deara: mar thoradh ar thaighde bunaidh a rinne an staraí ealaíne Niamh O'Sullivan le déanaí, athshannadh an pictiúr seo faoi shaothar comhaimseartha Daniel Macdonald, John Joseph Tracey (1813-1873), faoin teideal ceart, The Irish Peasant's Grave (1843). [Curtha in eagar ar an 25 Iúil 2023.]

Tá an saothar is déanaí atá faighte againn - The Village Funeral le Daniel Macdonald - ar taispeáint anois!

Léargas tábhachtach ar shaol tuaithe na hÉireann agus ar nósanna na ndaoine i rith An Gorta Mór (1845-52), ceannaíodh an pictiúr tábhachtach seo i mí Dheireadh Fómhair le cúnamh ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Suite i dtírdhreach cosúil leis an tírdhreach atá le feiceáil i saothar Macdonald dar teideal Eviction Scene (c.1850), tugtar léargas sa saothar seo ar shochraid agus ar mhuintir an tsráidbhaile, idir óg agus aosta, iad bailithe mórthimpeall ar uaigh oscailte duine atá caillte. Léirítear trí na daoine atá i láthair ag an tsochraid céimeanna difriúla an bhróin, agus tá madra fiosrach agus blaosc amhrasach curtha san áireamh ag an ealaíontóir freisin.

Glactar le Daniel Macdonald (1821-1853) mar cheann amháin den líon beag ealaíontóirí Éireannacha a bhí bisiúil sa 19ú haois a thug léargas ar phobal na tuaithe gan idéalú nó maoithneachas iomarcach. Chuir sé críoch lena chéad saothar ealaíonta nuair a bhí sé 13 bhliain d'aois agus, sa bhliain 1841, taispeánadh trí phictiúr dá chuid ag Aontas Ealaíne Chorcaí. I ndiaidh dó bogadh go Londain rinne MacDonald portráidí den Phrionsa Seoirse agus de Bhanríon Mháire Cambridge. Díol suntais ba ea go bhfuair an Bhanríon Victoria líníocht de chuid an ealaíontóra, dar teideal Going Home After a Funeral (1842), atá fós le fáil sa Bhailiúchán Ríoga sa lá inniu ann.

Trí The Village Funeral a fháil d'éirigh linn bearna a dhúnadh sa bhailiúchán, bearna a bhain le bás agus dobrón i gcultúr na hÉireann. Chomh maith leis sin, cuireann sé go mór leis na saothair de chuid MacDonald atá inár seilbh agus cuireann sé críoch le tacar saothar atá againn a bhaineann le príomhghnéithe de shaol na hÉireann i lár an 19ú haois. Ainneoin go mbaineann ár Bust of Asclepius leis an 19ú haois, is teilgean páirteach atá ann de dhealbh mharmair a bhaineann leis an dara haois, ar cóip í de dhealbh Ghréagach níos luaithe de chuid Timotheos! An bhfuil tú fós linn? Anois i mbailiúchán an Musée du Louvre, tá an leagan iomlán marmair i measc na seandachtaí a ghabh fórsaí Napoléon i ndiaidh Chonradh Tolentino in 1797.

As Bearla

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content