CAG.56 Patrick Hennessy, Old Kinsale, c.1940, olaphictiúr ar chanbhás, 76 x 55.5 cm. Ceannaithe, an tEalaíontóir, 1940 (Ciste Tiomnachta Gibson). © eastát an ealaíontóra.
Deis é SAOTHAR NA SEACHTAINE seo ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile Bród Chorcaí - pictiúr mistéireach ónár mbailiúchán.
In Old Kinsale (c.1940) le Patrick Hennessy feictear radharc atá suite laistigh de Chaisleán Iarla Dheasumhan, agus tá an duine ag breathnú amach ar Theampall Mheilteog, teampall a tógadh 800 bliain ó shin. Tá Clóca Cáiliúil Chionn tSáile á chaitheamh aige, brat nó fallaing thraidisiúnta olla a bhíodh á caitheamh ag mná in Iarthar Chorcaí go dtí lár an 20ú haois. Ball éadaigh choitianta, do mhná agus d'fhir, a bhí ann go dtí an 16ú haois ar a laghad, tráth ar cuireadh cosc air faoi réimeas Anraí VIII. Dúirt an file Edmund Spenser gurb éard a bhí ann ‘a fit house for an outlaw, a meet bed for a rebel, and an apt cloak for a thief.’
Is cosúil gur thaitin an fhéidearthacht ciona a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis an gclóca le Hennessy, fear a thug cuairt go rialta ar Chionn tSáile agus ‘Fairyfield’, áit chónaithe a chairde, an Maor Stephen agus an Bhantiarna Ursula Vernon. Baineann an t-ealaíontóir úsáid as an gclóca sa chéad chúpla pictiúr a rinne sé i rith na tréimhse seo agus baineann sé lántairbhe as cáilíochtaí clúdaigh an chlóca. Ainneoin go bhféadfaí glacadh leis gur bean é an figiúr atá le feiceáil in Old Kinsale, tá aitheantas (inscne, gnéas nó aitheantas de chineál ar bith eile) an duine ceilte go hiomlán. Gach seans go bhfuil an duine ag faire ar gach rud ó laistigh dá t(h)earmann féin – coimhthíoch i bhfolach os comhair an tsaoil, de bhrí gur fear aerach ba ea an t-ealaíontóir a mhair in Éirinn a bhí an-choimeádach i lár na haoise seo caite.
I rith a shaoil dúradh gur ‘láithreacht aisteach agus choimhthíoch i saol ealaíne na hÉireann’ ba ea Patrick Hennessy (1915-1980). Ba i gCorcaigh sa bhliain 1915 a rugadh é. Ba in Arbroath, an Albain a tógadh é i ndiaidh dá athair bás a fháil ag Cath Passchendaele (1917). Sna 1930idí, chaith an t-ealaíontóir óg tamall ag staidéar faoi threoir James McIntosh Patrick ag Scoil Ealaíne Dundee, áit ar bhuail sé lena pháirtí saoil, Henry Robertson Craig (1916 -1984). Ní raibh tuiscint cheart againn ar a shaothar le fada ach le déanaí rinne Seán Kissane athmheasúnú ar a shaothar sa taispeántas PATRICK HENNESSY: De Profundis (24 Márta – 24 Iúil 2016) in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann.
Tá Old Kinsale (c.1940) le Patrick Hennessy le feiceáil mar chuid dár dturas speisialta QUEER LIVES IN ART leis an gcoimeádaí cúnta, an Dr Michael Waldron ag 1pm, Déardaoin, an 1 Lúnasa 2019.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie