CAG.671 John Hogan, Mask of Michelangelo's Moses, c.1820-21, adhmad, 31 x 23 cm. Ceannaithe, Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.
An raibh a fhios agat gur cailleadh Michelangelo ar an lá seo sa bhliain 1564?
Ainneoin nach bhfuil saothar de chuid Michelangelo againn inár mbailiúchán, tá roinnt saothar againn a spreag ealaíontóir mór Renaissance na hIodáile. Seachas cliar Taddei Tondo (atá le feiceáil inár bhfuinneog ar Shráid na Leathghealaí), tá saothar de chuid John Hogan againn dar teideal Mask of Michelangelo’s Moses (c.1820-21). Tá an dealbh adhmaid seo bunaithe ar an dealbh cháiliúil de Moses (c.1513-15) a rinne Michelangelo do thuama Phápa Julius II, atá le feiceáil i séipéal San Pietro in Vincoli, an Róimh anois. Bhí sé bunaithe ar Chaibidil 35 de Leabhar Eacsadas.
Bhí Hogan i measc na gcéad mac léinn a bhí ag triall ar Scoil Ealaíne Chorcaí nuair a osclaíodh í ar Shráid Phádraig sa bhliain 1819 cúpla mí roimhe sin. Bunaíodh an scoil seo i ndiaidh fhorbairt Theilgin Canova. Bhí an méid seo a leanas le rá ag fear a bhí sa rang céanna le Hogan, Daniel Maclise, ‘táimid faoi chomaoin aige as gach duine a chur faoi dhraíocht agus na foirmeacha is gile den tseandacht a thabhairt chun beochta mar fhoinse spreagtha, agus léargas a thabhairt ar an rud is foirfeacht ann, rud nach raibh samhlaithe againn riamh roimhe seo, trí fhís fhuinniúil amháin.’
I measc Theilgin Canova bhí saothair a raibh aird á tarraingt ag ealaíontóirí orthu leis na céadta blianta, Michelangelo (1475-1564) ina measc, leithéidí Laocoön and His Sons agus The Belvedere Torso.
Tá Mask of Michelangelo’s Moses (c.1820-21) le John Hogan ar taispeáint inár gCaibinéad Anatamaíochta ar Urlár 1. Is iad na Teilgin Canova croílár ár dtaispeántais nua, RECASTING CANOVA, atá ar taispeáint i nGailearaithe na nDealbh.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie