CAG.3052 Janet Mullarney, Rishabadeva Again, 2010, alúmanam, 100 x 90 cm. Bronnta, 2018. © eastát an ealaíontóra.
Cuirimis tús leis an Luan trí fháiltiú roimh an saothar is nua atá curtha lenár mbailiúchán, Rishabadeva Again (2010) le Janet Mullarney.
Is ealaíontóir comhaimseartha í Mullarney a rugadh i mBaile Átha Cliath agus a bhíonn i mbun oibre in Éirinn agus san Iodáil. Tá tionchar ag na tréimhsí a chaith sí ag taisteal san Éigipt, san India agus i Meicsiceo ar a saothar. Tá ábhair an ealaíontóra ‘mianaithe ón dúlra agus antramorfaithe chun léargas a thabhairt ar lúcháir dhaonna agus ar thragóid dhaonna’ (Patrick T. Murphy).
Tá teideal agus foirm an tsaothair chúidsúlaigh seo bunaithe ar chabhail uachtair Rishabadeva (nó Rishabhanatha), ceannaire tábhachtach agus múinteoir spioradálta sa reiligiún ársa ar a dtugtar Jaineachas (Jain Dharma). Is saothar amháin é seo as trí shaothar de chuid Mullarney atá faighte againn le déanaí. Cúis áthais dúinn fáilte a fhearadh roimh an t-ealaíontóir agus a saothar chuig ár mbailiúchán!
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie