Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 7 Eanáir 2019

Victoria Russell, Portrait of Fiona Shaw, 2002, oil on canvas, 182 x 122 cm. © the artist.

CAG.2039 Victoria Russell, Portrait of Fiona Shaw, 2002, olaphictiúr ar chanbhás, 182 x 122 cm. © an t-ealaíontóir.

‘I ndáiríre, is mó cáil atá tarraingthe ag 'Three Men and a Little Lady' orm ná mar atá ag “Harry Potter”.’ An tseachtain seo, beimid ag díriú ar ár bportráid iontach den aisteoir Éireannach, Fiona Shaw, a rinne Victoria Russell.

Is í Fiona Shaw CBE (1958) duine na haisteoirí is cáiliúla in Éirinn, bean a bhíonn le feiceáil ar an stáitse agus ar an scáileán. Is de bhunadh Chorcaí í, d'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ar an Acadamh Ríoga Drámaíochta (RADA), agus bronnadh Gradam Olivier don bhanaisteoir is fearr uirthi faoi dhó. Tá cáil uirthi mar gheall ar na róil a bhí aici i saothair amharclannaíochta (MedeaHedda GablerThe Testament of Mary), scannáin (My Left FootThe Butcher BoyHarry Potter) agus cláir theilifíse (True BloodKilling Eve).

Le linn di a machnamh a dhéanamh ar chruthú na portráide seo, dúirt Shaw an méid seo a leanas, ‘De ghnáth, bíonn daoine básaithe sula gcuirtear a bportráid ar taispeáint. Ghlac Victoria grianghraf díom nuair a bhí mé san fholcadán, sa chistin agus sa leaba. Ábhar spéise ba ea an grianghraf a roghnódh sí don phortráid. Tá aiféala orm nár scuab mé mo chuid gruaige roimh ré!’ (Irish Independent, 16 Meán Fómhair 2002)

Chaith Victoria Russell, an t-ealaíontóir a rinne an phortráid, tamall ag staidéar i Central Saint Martins agus bronnadh Gradam Portráide BP uirthi in 2000. Mar chuid den duais, coimisiúnaíodh Russell chun portráid a chruthú do bhailiúchán comhaimseartha an Ghailearaí Portráide Náisiúnta. Chruthaigh sí dhá phortráid bheoga de Fiona Shaw – cheannaíomar ceann de na portráidí in 2002 – portráid bunaithe ar an gcineál saoil a chaith an t-aisteoir ina baile féin thar thréimhse trí mhí. Éiríonn le Russell ábhar na portráide a thabhairt chun beochta i bhfoirm staidiúire atá suaimhneach, ach bríomhar ag an am céanna.

As Bearla

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content