CAG.418 James Barry, Portraits of Barry and Burke in the Characters of Ulysses and a Companion fleeing from the cave of Polyphemus, c.1776, olaphictiúr ar chanbhás, 127 x 102 cm. Bronnta, Cairde Bailiúchán na hÉireann, 1956.
SAOTHAR NA SEACHTAINE! Inniu beidh súil níos grinne á caitheamh againn ar cheann dár saothair is cáiliúla: Saothar James Barry leis an teideal dodhearmadta Portraits of Barry and Burke in the Characters of Ulysses and a Companion fleeing from the cave of Polyphemus (c.1776).
Ag teacht le dearcadh Barry maidir le feidhm shóisialta agus pholaitiúil na healaíne, is pictiúr casta fáthchiallach é seo atá ag feidhmiú ag roinnt leibhéal éagsúil.
Ar an gcéad dul síos, is portráid dhúbailte é seo den ealaíontóir de bhunadh Chorcaí agus a mheantóir, an státaire agus fealsamh, Edmund Burke (1729-1797). Ar an dara dul síos, is féidir glacadh leis mar phictiúr staire ina bhfuil Uiliséas (Odaiséas) le feiceáil, rí finscéalach Iotaca, agus an Cioclóp Polaiféamas a thug Homer chun beochta in Odyssey. Agus ar deireadh – an bhfuil tú fós linn!? – d'fhéadfaí glacadh leis mar scéal rabhaidh ina bhfuil fainic á cur ag Burke ar an gCorcaíoch luathintinneach srian a chur lena theanga chomh fada is a bhaineann le bunaíocht na Breataine.
Caith súil níos géire ar an bportráid: an bhfuil tú in ann braoiníní allais ag sileadh ó bhaithis Barry a fheiceáil agus síniú an ealaíontóra (Ja. Barry Pinxit, i.e. phéinteáil James Barry é seo) ar adharc an reithe?!
Fíric spéisiúil: thug Cairde Bailiúchán na hÉireann an pictiúr seo dúinn sa bhliain 1956.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie