Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 4 Feabhra 2019

CAG.295 William Orpen, The Revolutionary, c.1902, oil on canvas, 54.5 x 90.5 cm. Purchased, Knoedler & Co., 1932 (Gibson Bequest Fund).

CAG.295 William Orpen, The Revolutionary, c.1902, olaphictiúr ar chanbhás, 54.5 x 90.5 cm. Ceannaithe, Knoedler & Co., 1932 (Ciste Tiomnachta Gibson).

D'fhonn teacht leis an gcéad chraoladh de The Irish Revolution ar RTÉ One tráthnóna, tá píosa tochtmhar roghnaithe againn ónár mbailiúchán: The Revolutionary (c.1902) le William Orpen.

Á thaispeáint in aice leis an saothar cáiliúil, Men of the South (1921-22) le mac léinn de chuid Orpen, Seán Keating, sa phictiúr seo déantar machnamh ar an méid a d'fhéadfadh a bheith i ndán dóibh siúd a ghlacann páirt i gcoinbhleacht. Tharla an choinbhleacht seo roimh Chogadh Saoirse na hÉireann, áfach. Nuair a bhí an saothar seo á chruthú, bhí an t-ealaíontóir airdeallach ar Dhara Chogadh na mBórach (1899-1902) inar throid fir Éireannacha ar an dá thaobh, fir a bhí páirteach i reisimintí Arm na Breataine nó i mBriogáid Transvaal na hÉireann faoi cheannas John MacBride (1868-1916). Is fianaise é éadach an réabhlóidí atá caillte gur ar thaobh na mBórach a bhí sé ag troid.

Ainneoin go raibh Orpen ag obair mar ealaíontóir cogaidh oifigiúil an Chéad Chogadh Domhanda (1914-18) ina dhiaidh sin, seans gur bunaithe ar mhainicín stiúideo atá an réabhlóidí atá le feiceáil sa phictiúr seo. Is mar gheall ar a chumas portráidíochta a bhain sé cáil amach, ach d'éirigh leis béim a leagan ar an tábhacht a bhain le líníocht bheo freisin le linn dó a bheith ag teagasc i Scoil Ealaíne Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha anois). Tá fianaise ar an méid sin le fáil i saothar mac léinn dá chuid – Margaret Clarke, Seán Keating, Patrick Touhy, Leo Whelan – agus sa léargas íogair (agus gnéasach) a thug sé ar chorp na bhfear sa phictiúr seo.

The Revolutionary (1901) le William Orpen ar taispeáint mar chuid de HEROES & VILLAINS go dtí an 14 Aibreán 2019, taobh le saothar Seán Keating dar teideal Men of the South agus saothar John Lavery dar teideal The Widow (Mrs Terence MacSwiney, Lady Mayoress of Cork 1920).

As Bearla

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content