CAG.1477 James Scanlon, Lonradh, 1993, suiteáil gloine dhaite, 275 x 130 cm. Bronnta, Cairde Ghailearaí Crawford Chorcaí, 1993. © an t-ealaíontóir
SAOTHAR NA SEACHTAINE! Agus muid ar tí slán a fhágáil le 2018 agus fáiltiú roimh an mBliain Nua, tá ceann de na píosaí is lonraí ónár mbailiúchán á thaispeáint againn: Lonradh (1993) le James Scanlon.
Is bunaithe ar an bhfocal Gaeilge Lonradh, a chiallaíonn ‘radiance’ i mBéarla, atá an saothar seo a bhfuil solas na maidine ag scaladh air ar ár Staighre Mór le 25 bliain anuas. Coimisiúnaíodh an saothar seo mar bhronntanas ó Chairde Ghailearaí Crawford Chorcaí, saothar comhaimseartha a thaitníonn go mór le gach duine a bhfuil glacadh leis anois mar chuid d'ailtireacht stairiúil ár bhfoirgnimh álainn. Tá tagairtí spraíúla san fhuinneog gloine dhaite seo don phróiseas dearaidh ríomhchuidithe (is cúrsóir é an tsaighead sa lár ar chlé), d'ábharthacht gloine (‘an mairfidh an scoilt?’), agus leasainm a ealaíontóra, Scan, mar aon le súil suirbhéireachta.
Ba i gCiarraí a rugadh James Scanlon sa bhliain 1952. Rinne sé staidéar ar an dealbhóireacht i Scoil Ealaíne Crawford (Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford CIT anois) idir 1974 agus 1978, tráth a raibh an Scoil fós bunaithe san fhoirgneamh atá againn i bPlás Emmet. Léirigh sé spéis sa ghloine díreach sular chuir sé críoch lena chúrsa staidéir agus spreag an príomhoide, Barry Moloney, a spéis san ábhar, fear a shuiteáil áith agus stoc gloine. Bhain Scanlon triail as teicnící éagsúla cosúil le gloine a phéinteáil, a shrathú agus a eitseáil, fad is a bhí sé sa tóir ar dhath agus doimhneacht ghéar. Le linn dó a mhachnamh a dhéanamh ar a phróiseas agus ar a mhodh oibre, dúirt sé nuair a bhí Lonradh á chur ar taispeáint ‘go mbaineann tábhacht ar leith leis an tuiscint nach ligtear an gloine i ndearmad fad is atá an smaoineamh á thabhairt chun beochta.’
Inniu, glactar le Lonradh mar chuid de scéal shaothair ghloine na hÉireann inár mbailiúchán, i measc Ghloine Stairiúil Chorcaí agus Phort Láirge, agus saothar Harry Clarke (1889-1931), Evie Hone (1894-1955) agus Maud Cotter (1954). Chomh maith leis sin, tá teideal an tsaothair seo in úsáid mar theideal ár gcláir cuairte míosúla do dhaoine scothaosta, daoine a bhfuil fadhbanna cuimhne acu, agus a gcúramóirí.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie