CAG.2349 Eilis O’Connell, Each Day, 2003, cré-umha, H 235 cm. Ceannaithe, 2007. © an t-ealaíontóir.
Tá SAOTHAR NA SEACHTAINE á thabhairt amuigh faoin aer an tseachtain seo - caith súil ar an dealbh chomhaimseartha álainn seo atá le fáil inár ngairdín!
Tá lorg buan fágtha ag foirm mhistéireach Each Day (2003) le Eilis O’Connell faoi aghaidh fhoirmiúil an ghailearaí. Tá an dealbh chré-umha seo 2.35 méadar ar airde, agus tá an dromchla seachtrach rocach agus tá an dromchla inmheánach mín. Ag leibhéal foirmiúil, tá saothar an ealaíontóra seo bunaithe ar spás srianta nó treáite, agus go minic is ionann saothar an ealaíontóra seo agus freagairt do scála chorp an duine. Tá foirm na deilbhe seo bunaithe ar chlóca mór Gaelach agus, go deimhin, tá sé ráite ag O’Connell gurb ionann a saothar agus síneadh a chur leis an gcorp, sliogán nó sraith bhreise chun spiorad an duine a chosaint.’
Go minic, bíonn fonn ar dhaoine a thugann cuairt ar ár ngairdín (a mbeidh tairiscint amuigh faoin aer Chaifé Ghailearaí Crawford Chorcaí le fáil ann go luath!) seasamh laistigh de chuair bhoga an tsaothair chuimsithigh ach láidir seo.
Is ealaíontóir comhaimseartha í Eilis O’Connell RHA atá ag díriú ar dhealbhóireacht theibí. Ba i nDoire a rugadh í agus chaith sí tamall ag staidéar i Scoil Ealaíne Crawford (Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford CIT anois) idir 1970 agus 1974. Ag an tráth sin bhí an scoil lonnaithe inár n-áitreabh ag Plás Emmet tráth a raibh an múinteoir mór le rá, John Burke (1946-2006), ag obair ann.
Ba í O’Connell an t-ealaíontóir Éireannach ab óige a raibh saothar dá cuid ar taispeáint ag Rosc '84, agus faoin tráth sin bhí ionadaíocht déanta aici ar Éirinn ag an Biennale de Paris in 1982 freisin. Ba í stiúrthóir bunaithe na Monarchan Dealbhóireachta Náisiúnta agus is ball de Aosdána í, agus tá cáil bainte amach aici mar gheall ar a coimisiúin phoiblí, lena n-áirítear an dealbh 13.5 méadar atá déanta de chruach agus copar ar a dtugtar Reedpod (2006) atá le fáil amuigh faoin aer i lár chathair Chorcaí.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie