CAG.2393 Anaithnid, 18th-Century Chinese vase and cover (1 de 2), earra ceirmeach, H 61 cm. Bailiúchán Cooper Penrose, 2008.
Is le Bailiúchán Cooper Penrose a bhaineann an vása balastair Síneach álainn seo.
An raibh a fhios agat: forbraíodh an chéad phíosa poircealláin sa tSín breis is 2,000 bliain ó shin? Síltear gur cruthaíodh an vása seo thart ar an mbliain 1735 tráth a raibh Yongzheng nó Qianlong i réim, vása poircealláin atá maisithe go galánta ar a dtugtar famille rose mar gheall ar an úsáid atá bainte as cruan bándearg. Ar bharr an vása tá claibín cruinn agus barrghréas de leon ina shuí (ornáid). Ba le teaghlach Penrose an vása seo, prionsaí trádála a bhí ina gcónaí i gCnoc na Coille i mbruachbhaile Tivoli i gCorcaigh, áit a raibh bailiúchán iontach acu de shaothair ealaíne agus de mhínréada.
Gach seans gur léirigh siad spéis ar leith sa Chinoiserie mar gheall ar naisc thrádála muirí Chorcaí. Teaghlach de chuid Chumann na gCarad de bhunadh Cornwall ba ea iad, agus bhí gnóthaí adhmaid agus gloine bunaithe acu, agus ba iad a bhunaigh Gloine Chorcaí agus Phort Láirge. Chomh maith leis sin, chuir siad tearmann ar fáil don Tiarna Edward FitzGerald agus Sarah Curran tráth nach raibh fonn ar mhórán daoine eile a leithéid a dhéanamh. I ndeireadh na dála, ruaig pobal Chumann na gCarad iad de bhrí go raibh pictiúr de Véineas lomnocht le James Barry ina seilbh!
Caith tamall ina measc agus i measc uaisle trádála Chorcaí inár Seomraí Penrose (Urlár 1), áit a dtugtar an 18ú haois chun beochta.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie