CAG.116 Mary Swanzy, Swans, c.1930, olaphictiúr ar chanbhás, 50.9 x 60.9 cm. © Eastát Mary Swanzy.
Is é seo an tseachtain deiridh dár dtaispeántas MARY SWANZY: Voyages agus ise atá freagrach as SAOTHAR NA SEACHTAINE!
Tá Swans (c.1930) le feiceáil sa taispeántas seo, ceann amháin de dhá shaothar le Mary Swanzy (1882-1978) inár mbailiúchán. Rinne sí an saothar seo roinnt blianta i ndiaidh a pictiúir Shamócha, lena n-áirítear ár Samoan Scene (1924), agus seachas aistear geografach is fiú glacadh leis mar aistear i dtreo shamhlaíocht an ealaíontóra.
Bheadh fonn ar dhuine glacadh leis go bhfuil foirm éigin de shiombalachas ag baint leis an imeartas focal idir an teideal agus sloinne an ealaíontóra. Tá drogall ar Swanzy, áfach, a leithéid de shaothar a ainmniú nó a mhíniú, agus ní shainaithníonn sí aon léargas pearsanta, seachas sin ligeann sí don bhreathnóir ciall a bhaint as an saothar. Dá réir sin, an rud ar a bhfuil cuma tírdhreach fisiciúil ar dtús, athraíonn sé, nuair a chaitear súil níos grinne air, agus glactar leis mar chomhdhéanamh aislingeach Osréalaíoch déanta i dteilgean pearsanta an ealaíontóra.
Tá íomhánna cripteacha le feiceáil sa phictiúr, lena n-áirítear ceithre eala (grá nó claochlú?), tá dath difriúil ar eala amháin (aonrú?); duilliúr flúirseach (fás nó torthúlacht?); fíor dhaonna báite, in ísle brí agus ag déanamh comharthaí, le lámha ardaithe agus bosa atá le feiceáil ag an mbreathnóir (creideamh nó reiligiún?); éin cosúil leis an storc (saol nua?) ag fánaíocht le taobh an chladaigh; figiúr daonna eile ag iarraidh smacht a choinneáil ar iasc cosúil leis an mbradán (fios feasa?); tírdhreach droimneach i ndathanna mínádúrtha (Fóbhachas); figiúr ag trasnú droichid i dtreo cosáin chasta… cuireadh á thabhairt duit samhlaíocht uathúil an Mháistir Chomhaimseartha Éireannaigh seo a bhlaiseadh.
Rianaigh cúrsa le haghaidh MARY SWANZY: Voyages, a bheidh ar taispeáint go dtí an 3 Meitheamh 2019! Tá an taispeántas seo coimeádta ag Seán Kissane (Áras Nua-Ealaíne na hÉireann).
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie