CAG.1334 John ffrench, Vase (green with black and grey speckled markings), 1960, earra ceirmeach, 28 x 6.5 cm. Bronnta, 1990. © eastát an ealaíontóra.
SAOTHAR NA SEACHTAINE! An raibh a fhios agat go bhfuil níos mó ná 3,000 seoid sa bhailiúchán? Tá pictiúir, priontaí agus dealbha ann mar aon le scannáin, troscán agus gréithe airgid. I measc na seod is suntasaí atá inár mbailiúchán tá bailiúchán d'earraí ceirmeacha a rinne John ffrench.
Ba i mBaile Átha Cliath a rugadh John ffrench (1928-2010) agus ba de bhunadh na hÉireann agus na hIodáile dá thuismitheoirí. D'fhreastail ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha i mBaile Átha Cliath sular thug sé aghaidh ar Fhlórans sa bhliain 1951 chun seal a chaitheamh ag staidéar faoi stiúir Bruno Pauli ag Instituto Statale d'Arte di Firenze. Fad is a bhí sé i bhFlórans, chuaigh Nua-Aoiseachas na Meánmhara agus na hIodáile i bhfeidhm air, agus chaith sé tamall ag obair le ceirmeoirí a bhí ar aon intinn leis, ar shaothair ar leith. Is fianaise é a aeistéitic freisin ar an spéis a bhí ag ffrench in Georges Braque (1882-1963), Henri Matisse (1869-1954), Joan Miró (1893-1983), agus Pablo Picasso (1881-1973).
Nuair a d'fhill sé ar Éirinn, bhí baint aige le Ring Studio (Cill Chainnigh) agus Arklow Studio Pottery, agus trasna an Atlantaigh d'oscail sé Dolphin Studio in Massachusetts. Chomh maith leis sin, cheap Ionad Deartha Áitiúil Bheangál Thiar é mar bhailitheoir ealaín na ndaoine. Chaith sé tamall ina chónaí san ashram (díseart spioradálta) in Sevagram, áit chónaithe deiridh Mahatma Gandhi. Bhí tionchar ollmhór ag traidisiún na ceardaíochta, stíl mhaireachtála agus éiteas na hIndia ar a shaothar ceirmeachta féin.
Leagann modh maireachtála ashram béim ar an tábhacht a bhaineann le hobair leis na lámha, agus tiomantas don cheird. Lean ffrench ar aghaidh ag tacú leis an stíl mhaireachtála ceardaí seo agus b'fhearr leis potaí a fhorbairt lena lámha féin seachas iad a 'theilgean'. Mar is léir ón vása seo, bhí a shaothar an-dealbhach agus turgnamhach.
Tá cóipeanna de The Life and Work of John ffrench: Irish Ceramic Artist (1928-2010), scríofa ag Peter Lamb, le fáil inár siopa leabhar.
Mar chuid dár dtaispeántas EARTH, WIND & FIRE: Made in Cork Contemporary (23 Samhain 2018 - 17 Feabhra 2019) tugtar léargas ar shaothar déantóirí agus ealaíontóirí atá lonnaithe i gCorcaigh a bhfuil úsáid cheannródaíoch á baint acu as ionramháil ábhair.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie