Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 25 Márta 2019

CAG.2773 Mary Swanzy, Samoan Scene, 1924, olaphictiúr ar chanbhás, 152 x 192 cm. Bronnta ar an Stát, 2012 (Bailiúchán Ealaíne AIB). © Eastát Mary Swanzy.

CAG.2773 Mary Swanzy, Samoan Scene, 1924, olaphictiúr ar chanbhás, 152 x 192 cm. Bronnta ar an Stát, 2012 (Bailiúchán Ealaíne AIB). © Eastát Mary Swanzy.

SAOTHAR NA SEACHTAINE! Caith tamall ag féachaint ar an saothar seo agus éireoidh leat teacht chomh fada leis an Muir Theas inár dteannta. Is radharc aoibhinn atá anseo de Shamó leis an ealaíontóir Mary Swanzy (1882-1978).

Ba i mBaile Átha Cliath a rugadh Swanzy agus bhí sí ag obair ar Samoan Scene (1924) le linn di a bheith ag taisteal mórthimpeall ar an taobh thall den domhan ag tús na 1920idí. Eagraíodh taispeántais dá saothar i bPáras, Londain agus i mBaile Átha Cliath, agus sa bhliain 1923 thug sí aghaidh ar Haváí ag deireadh an tsamhraidh. Thaistil sí trí Quebec, agus d'fhan sí i dteannta le baintreach a huncail ag La Maison Blanche in Honolulu i gcomhair roinnt míonna. Ansin, ag deireadh mhí na Bealtaine 1924, thaistil sí 2,600 míle ar muir chomh fada le Samó, áit ar fhan sí i dteach a bhí ag dochtúir Meiriceánach.

Le linn di a bheith san Aigeán Ciúin Theas, chruthaigh Swanzy neart saothar nach bhfuil aon rud cosúil leo le fáil i mbailiúchán ealaíne na hÉireann roimhe sin. Canbhás i ndiaidh canbháis, agus ‘trí spéis ar leith a léiriú sna cineálacha éagsúla dathanna glasa atá ar fáil ar fud an domhain,’ d'éirigh leis an ealaíontóir léargas ar leith a thabhairt ar an solas, dath agus saibhreas a thug sí faoi deara i dtírdhreach Shamó. Tá an tslí a léiríonn sí pobal Shamó ina cuid pictiúr discréideach agus ní chruthaíonn a léargas siúd leath an oiread fadhbanna agus a chruthaíonn saothair Thaihítíocha Paul Gauguin mar shampla.

Bhronn AIB Samoan Scene (1924) orainn in 2012 agus tá sé á thaispeáint mar thaispeántas iontach de bhreis is 80 pictiúr mar chuid de MARY SWANZY: Voyages. Tá an taispeántas seo coimeádta ag Seán Kissane, agus beidh sé ar siúl inár nGailearaí Íochtair go dtí an 3 Meitheamh 2019.

As Bearla

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content