CAG.72 Jack B. Yeats, Off the Donegal Coast, 1922, olaphictiúr ar chanbhás, 60.5 x 90.7 cm. Ceannaithe, 1924 (Ciste Tiomnachta Gibson). © eastát an ealaíontóra.
Tá an t-earrach linn agus tá fonn orainn ar fad tamall a chaitheamh amuigh faoin aer. Dá réir sin, is fiú dúinn súil níos géire a chaitheamh ar shaothar ónár mbailiúchán a thaitníonn go mór le gach duine.
Is saothar de chuid duine de na teaghlaigh is cruthaithí agus is cáiliúla in Éirinn é seo, saothar le Jack B. Yeats (1871-1957) nach gá mórán a rá faoi. D'fhás an t-ealaíontóir seo aníos i dteach a sheantuismitheoirí i Sligeach, ceantar a mbíodh sé ag triall air i gcaitheamh a shaoil.
In Off the Donegal Coast (1922) léirítear daoine á dtarrtháil ón bhfarraige, agus a lámha in uachtar ag fear amháin ag iarraidh lámh a leagan ar théad sábhála ó bhád níos mó, a bhfuil a ráillí le feiceáil ar thaobh na láimhe clé den phictiúr. Sa phictiúr seo tá meascán d'ionad amhairc dinimiciúil agus comhdhéanamh trasnánach chun a léiriú go bhfuil na hiascairí i mbaol báis, agus tá aird á tarraingt ar chumhacht an Atlantaigh trí stríocadh fuinniúil na scuaibe agus pailéad dathanna dorcha. Díol spéise is ea go bhfuil dlúthnasc idir an pictiúr seo agus léaráid a rinne Yeats – “A Four-Oared Curagh” – do shaothar J.M. Synge, The Aran Islands (1907).
D'éirigh linn an pictiúr seo a fháil in 1924, an bhliain chéanna ar éirigh leis an ealaíontóir bonn airgid a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras. Bronnadh an bonn airgid seo ar a phictiúr dar teideal, The Liffey Swim (Gailearaí Náisiúnta na hÉireann), agus ba ar an ealaíontóir Jean Jacoby (Lucsamburg) agus ar an ealaíontóir Johan van Hell (An Ísiltír) a bronnadh an bonn óir agus an bonn cré-umha.
Tá Off the Donegal Coast (1922) le Jack B. Yeats á thaispeáint mar chuid de HEROES & VILLAINS.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie