CAG.395 Edith Somerville, The Goose Girl, 1888, olaphictiúr ar chanbhás, 95.5 x 132 cm.
SAOTHAR NA SEACHTAINE! Is é anois an tráth den bhliain, de réir an tseanchais, go mbíonn aird gach duine dírithe ar éan mór i lár an bhoird do dhinneár na Nollag. Gach seans gurb é an íomhá sin a spreag Edith Somerville chun The Goose Girl (1888) a phéinteáil.
Sa phictiúr tá cailín óg in Iarthar Chorcaí le feiceáil, í cosnochta agus suite ar an urlár, agus ina baclainn tá gé a thaitníonn go mór léi, peata seans. Mar is léir ón gcuma atá ar aghaidh Maryann, gan trácht ar na glasraí agus ar na huirlisí cócaireachta atá le feiceáil mórthimpeall uirthi, is é an pláta dinnéir atá i ndán don ghé. Tríd an smut atá ar an gcailín agus a súile lán deor, éiríonn leis an ealaíontóir an tslí a gcuireann cinntí a dhéanann daoine fásta isteach ar dhaoine óga a léiriú go híogair. Tá a stíl, na mionsonraí iontacha neamhbheo (níor íoc sí ach trí scilling ar an ngé!), ag teacht le ré Réalachas Thuathánaigh na Fraince a raibh an- tóir air nuair a bhí sí i mbun cúrsa oideachais i bPáras.
Ba i gCorfú a rugadh Edith Anna Œnone Somerville (1858-1949) ach ba in An Driseán a d'fhás sí aníos, áit a raibh teach a muintire i mBaile an Chaisleáin, Contae Chorcaí. Sna 1880idí, chaith sí seal ag staidéar i bPáras in Académie Colarossi. Tá sceitsí a rinne sí an tráth sin le fáil inár mbailiúchán, agus is fianaise é The Goose Girl ar an tionchar a bhí ag an oiliúint acadúil a cuireadh uirthi sa Fhrainc uirthi. Talmhaí, sealgaire, orgánaí agus Sufraigéid ba ea í, ach is mar thoradh ar a comhpháirtíocht scríbhneoireachta le Violet Martin (1862-1915) a bhain sí cáil amach, áfach. D'fhoilsigh siad 14 shaothar, The Real Charlotte (1894) agus na scéalta The Irish RM le chéile, faoin ainm Somerville & Ross.
Tá The Goose Girl (1888) le Edith Somerville ar taispeáint mar chuid de HEROES & VILLAINS (Urlár 1) go dtí an 14 Aibreán 2019.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie