CAG.1285 William Willes, Male Nude with One Knee Kneeling on a Plinth, gan dáta, gualach ar pháipéar, 54 x 36 cm.
SAOTHAR NA SEACHTAINE! Táimid ag díriú ar chúrsaí fisiciúla an tseachtain seo - tá súil á caitheamh againn ar líníocht bheo a rinne William Willes (c.1775-1851). Taispeánadh an saothar seo mar chuid de NAKED TRUTH: The Nude in Irish Art (13 Iúil - 28 Deireadh Fómhair 2018), agus tugann sé spléachadh spéisiúil dúinn ar an méid a bhí ar siúl ag Ealaíontóirí Líníochtaí Beo sna 1830idí agus 1840idí.
Níl anseo ach saothar amháin as thart ar 70 saothar a rinne an t-ealaíontóir – atá inár mbailiúchán ó c.1851 – agus is fianaise atá ann ar conas ar éirigh le mainicíní staidiúirí teanna mar seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ardaitheoirí. Is fiú súil a chaitheamh ar shíniú an ealaíontóra freisin, atá uimhrithe agus le feiceáil ag an mbun ar thaobh na láimhe deise.
Rugadh William Willes, mac poitigéara, ar Brown Street (an taobh thiar de Phlás Rory Gallagher sa lá inniu ann), Corcaigh. Le linn a óige d'fhreastail sé ar cheachtanna a bhí á reáchtáil ag an ealaíontóir Nathaniel Grogan (1740-1807) agus ina dhiaidh sin chaith sé roinnt blianta ag staidéar san Acadamh Ríoga i Londain. Chabhraigh sé le chéad Taispeántas Mumhan a eagrú in 1815, tráth a raibh ocht n-olaphictiúr agus uiscedhath amháin dá chuid ar taispeáint. Línitheoir oilte agus dathadóir íogair ba ea é, agus thaispeáin sé saothar dá chuid in Institiúid na Breataine, san Acadamh Ríoga agus san Acadamh Ibeirneach Ríoga.
Fíric spéisiúil: Ceapadh Willes mar phríomhoide nua ar Scoil Deartha Chorcaí (Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford CIT anois) ar an 8 Eanáir 1850 agus thug sé léargas i rith a chuid léachtaí “ar a bhua mar scoláire agus mar ealaíontóir.”
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie