Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 19 Samhain 2018

Suzanna Chan, The Cabinet of Exotica (detail), 1993. © the Artist.

CAG.1500 Suzanna Chan, The Cabinet of Exotica, 1993, olaphictiúr ar chanbhás, 123.5 x 93.5 cm. Ceannaithe, 1993. © an t-ealaíontóir.

SAOTHAR NA SEACHTAINE! An raibh a fhios agat go bhfuil an pictiúr ildaite agus mistéireach seo le Suzanna Chan againn inár mbailiúchán ó thús na 1990idí? Ag an am, ba í Suzanna an t-ealaíontóir ab óige a raibh saothar dá cuid inár mbailiúchán agus, sa lá atá inniu ann, tá cuairteoirí fós ag triall ar The Cabinet of Exotica!

Bunaithe i bpáirt ar chleachtas ealaíontóirí eile, lena n-áirítear Frida Kahlo, Sonia Boyce agus Lubaina Himid, tá an saothar seo bunaithe ar chúlra inimirceach Chan agus an tionchar a bhí aige seo ar a heispéiris. Trí na híomhánna casta, agus an meascán de theach bábóige agus cófra lán le hábhair iontais, déanann an t-ealaíontóir machnamh ar na steiréitíopaí a shamhlaítear leis an gCianoirthear (agus mná de bhunadh na hÁise go háirithe) in intinn an Iarthair, mar is léir ón teideal. Tugann na híomhánna a léirítear amhail is gur ar stáitse atá siad, aitheantas do agus dúshlán na ról inscne steiréitipiciúil.

Chomh maith leis sin, tá meascán suaiteach de chásanna difriúla á léiriú. Ainneoin go bhfuil an gúna bándearg cheongsam (sriantach b'fhéidir) le feiceáil faoi dhó ar an dara hurlár, tá éalúchas le brath in íochtar an chanbháis. Tá pearsa fhireann ghealchraicneach urchóideach le feiceáil sa dá radharc, áfach; bagairt a d'fhéadfadh a bheith á léiriú sa radharc sealgaireachta ag an mbarr freisin. Anuas air sin ar fad, tá íomhánna d'fhiacla agus d'uirlisí fiaclóireachta le feiceáil ar scáileán i lár na coda íochtair den phictiúr!

As Bearla

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content