CAG.916 Apollo Belvedere, c.1816, teilgean plástair bunaithe ar chóip mharmair de bhunsaothar cré-umha le Leochares, 243 x 120 x 78 cm. Grianghraf: Jed Niezgoda.
Tá Féile Lár an tSamhraidh Chorcaí imithe i bhfeidhm orainn agus dá bharr sin tá SAOTHAR NA SEACHTAINE seo dírithe ar Dhia Gréagach an cheoil, na healaíne, na filíochta, an damhsa, an chneasaithe agus an ghrian (ar deacair teacht uirthi faoi láthair)!
Is íocón den ealaín Chlasaiceach é Apollo Belvedere agus tá neart cóipeanna agus aithrisí déanta de le breis is dhá mhíle bliain anuas. In 1816, teilgeadh ár leagan plástair go díreach ó mharmar Vatacánach – a bhain leis an gcéad leath den dara haois – arb ionann é agus cóip den bhunteilgean cré-umha níos luaithe (atá caillte anois) a rinne Leochares of Athens. Ní moladh go haithris!
Ainm eile ar an saothar seo é Pythian Apollo, agus déantar cur síos ar a ghluaiseacht ghrástúil in contrapposto (i cóimheáchan), gluaisne casaidh a ghníomhachtaíonn an figiúr agus a léiríonn ‘simplíocht uasal agus maorgacht chiúin’ a raibh dúil ar leith ag an seandálaí Johann Joachim Winckelmann (1717-1768) ann.
Ainm eile ar an saothar seo é Pythian Apollo, agus déantar cur síos ar a ghluaiseacht ghrástúil in contrapposto (i cóimheáchan), gluaisne casaidh a ghníomhachtaíonn an figiúr agus a léiríonn ‘simplíocht uasal agus maorgacht chiúin’ a raibh dúil ar leith ag an seandálaí Johann Joachim Winckelmann (1717-1768) ann.
Ainneoin go bhfuil géag dheas agus lámh clé ár dteilgin ar iarraidh, glacann sé staidiúir boghdóra agus tá sé nocht ach amháin go bhfuil cuaráin, clóca gearr (róba) agus duilleog fige, atá le baint de go luath, á gcaitheamh aige. Is é Apollo an ceann deiridh dár dTeilgin Canova stairiúla a bheidh á gcaomhnú agus á dtaispeáint mar chuid de THE FIG REVEAL (17-21 / 24-28 Meitheamh 2019).
Má tá spéis agat i dtuilleadh eolais, caith tamall i gcomhluadar an chaomhnóra dealbh, Eoghan Daltun, a bheidh i mbun comhrá leis an gcoimeádaí cúnta, Michael Waldron, ag 1pm, an 20 Meitheamh 2019. Tá fáilte roimh chách!
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie