CAG.1429 Matal, 1585, aolchloch, 167.6 x 308.4cm.
SAOTHAR NA SEACHTAINE! Cuid den troscán, i ndáiríre, glactar leis an matal seo mar cheann de na hearraí is sine sa bhailiúchán, níos sine ná ár bhfoirgneamh fiú.
Beidh aithne acu siúd a thugann cuairt ar an ngailearaí ar an ngné shainiúil aolchloiche seo atá suite i lár ár gcaifé. Is é 1585 an dáta atá le feiceáil air agus tá an méid seo a leanas inscríofa air, ‘Soli Deo Honor Et Gloria Amen’ (Onóir agus Glóir do Dhia, Áiméan), téarma ón aistriúchán Vulgáide (Laidin) den Bhíobla.
Ainneoin nach eol dúinn cé a rinne é, tá móitífeanna aisteacha de rósanna agus plandaí le feiceáil air mar aon le beirt phearsana fhireanna a bhfuil éide a bhaineann leis an 16ú haois á caitheamh acu agus is ag seinm an choirn atá siad. An tagairtí iad seo don mhonarc Túdarach a bhí i réim ag an am, Eilís I, nó rud éigin níos áitiúla? Caith súil níos géire air seo an chéad uair eile a dtugann tú cuairt ar Chaifé Ghailearaí Crawford Chorcaí, atá maisithe go deas do shéasúr na Nollag!
Aistrithe chuig bloc stairiúil Theach an Chustaim (1724) ó Ard-Eaglais Chríost Chorcaí in 1919, tá an matal seo breis is trí mhéadar ar leithead, agus is dóigh go mbíodh tine oscailte iontach mór lasta ann! Ar an tráthnóna stoirmiúil seo i mí na Nollag, tá súil againn go bhfuil an t-ádh ar ár leantóirí ar fad a bheith suite gar do thinteán teolaí.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie