CAG.2406 Sarah Iremonger, Top Half of the Hero, 2005, feadánra neoin. © an t-ealaíontóir.
An raibh a fhios agat go bhfuil Top Half of the Hero (2005) le Sarah Iremonger bunaithe ar íomhá a d'aimsigh sí atá le fáil inár mbailiúchán freisin?
Léirítear Edmund Burke (1729-1797), mar an laoch Gréagach Uiliséas, a mhéar leagtha go cúramach ar a bheola, bunaithe ar an saothar cáiliúil (leis an ainm dodhearmadta), Portraits of Barry and Burke in the Characters of Ulysses and a Companion fleeing from the cave of Polyphemus (c.1776), leis an ealaíontóir de bhunadh Chorcaí, James Barry (1741-1806). Rinneadh an píosa sainiúil neoin seo an bhliain chéanna ar reáchtáladh ár dtaispeántas suntasach de shaothar Barry tráth a raibh Corcaigh ainmnithe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.
Breathnaítear ar an saothar cuidsúlach (agus móréileamh) seo i gcomhthéacs thaispeántas an ealaíontóra den ainm céanna a reáchtáladh in Ionad Ealaíne Triskel in 2002. Bhí gach píosa nasctha lena chéile trí thagairtí polaitiúla, agus bhí troscán agus líníochtaí balla san áireamh freisin. Tiomsaíodh iad seo, mar a dúirt Iremonger (b.1965), “ní ar mhaithe le freagraí a chur i láthair, ach chun tús a chur le comhrá oscailte idir an saothar ealaíne agus an breathnóir.” Sa chás seo, is í stair na healaíne an laoch, agus is tagairt í an leath uachtair do stair na healaíne a bheith 'ceanntrom'.
Éist le The Arts House ar 96FM Chorcaí gach maidin Domhnaigh tráth a mbíonn Conor Tallon i mbun comhrá leis an gcoimeádaí cúnta, Michael Waldron, faoi gach SAOTHAR NA SEACHTAINE!
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie