
CAG.902 Alicia Boyle, Machines of Learning, 1938, olaphictiúr ar chlár, 91.4 x 122 cm. Ceannaithe, an tEalaíontóir, 1988. © eastát an ealaíontóra.
“Four legs good, two legs bad.”
Ainneoin gur péinteáladh é seo roinnt blianta sular foilsíodh Animal Farm (1945), tá rian Orwell ar an saothar seo atá roghnaithe mar SHAOTHAR NA SEACHTAINE, fáthsceál osréalaíoch de shochaí idirchogaidh.
In Machines of Learning (1938) le Alicia Boyle (1908-1997) feictear trí struchtúr mórthimpeall an imill, siombail den trí eastát b'fhéidir (an chléir, na huaisle, an chosmhuintir), arb ionann iad, i ndiaidh súil níos géire a chaitheamh orthu, agus na fórsaí díobhálacha! Bíonn tionchar ag ‘na hinill foghlama’ seo ar dhaoine agus athraíonn siad iad, cruthaíonn siad daoine atá díreach mar an gcéanna, agus freastalaíonn siad ar ardchumhachtaí amhail is gur ag obair i monarcha atá siad, agus is fianaise ar an méid sin an struchtúr suntasach sa lár.
Seans gur féidir glacadh leis an úsáid a bhaineann an t-ealaíontóir as muca mar bhealach chun léargas a thabhairt ar neamhaird an duine ar dhainséar tráth nuair a bhí an domhan, arís eile, ar thairseach cogadh tubaisteach. Tarraingítear aird an bhreathnóra air seo tríd an deatach dorcha, déphlánaí aerbheirthe agus an tSó-phictiúrlann ar thaobh na láimhe clé. Os cionn an méid sin, tá na focail urchóideacha 'Escape Me Never' le feiceáil, focail ó dhráma (1934) a scríobh Margaret Kennedy agus scannán (1935) den ainm céanna. Dá réir sin, is léargas é an pictiúr seo ar an gcor cainte ‘like pigs to the slaughter’, sa mhéid is go léirítear san íomhá daoine ag bogadh ar aghaidh en masse go humhal. Tá dóchas ann, áfach, de bhrí nach bhfuil roinnt daoine athraithe go hiomlán, agus go ndéanann roinnt muc iarracht éalú!
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie