CAG.1432 Tomi Ungerer, Creature, meáin mheasctha, 63 x 93 cm. © eastát an ealaíontóra.
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht iontach seo, tá SAOTHAR NA SEACHTAINE seo á thiomnú againn do Tomi Ungerer (1931-2019).
Aorthóir agus seanchaí de bhunadh na Fraince, a thaitin go mór le gach duine, ba ea Tomi Ungerer, a cailleadh i gCorcaí ag an deireadh seachtaine. Rinne sé neart rudaí éagsúla i rith a shaoil lena n-áirítear leabhair do leanaí a scríobh, dírbheathaisnéis, saothair earótacha agus fiú amháin an póstaer do shaothar Stanley Kubrick, Dr Strangelove (1964). Dúirt Ungerer ‘nach féidir le haon duine a bheith róghar don imeall riamh’, agus chreid sé gur cheart dúshlán fiúntach ‘a leanúint le dúshlán níos fiúntaí fós.’
Is saothar tráthúil é Creature atá á thaispeáint mar chuid de HEROES & VILLAINS inár Seomra Fada (Urlár 1). Déanta de pháipéar fillte agus craptha ar a chéile, tá an íomhá neamhbhagrach seo ar a bhfuil cuma reiptíle ag caitheamh seaicéad dubh – seaicéad atá sách cosúil leis an gcineál seaicéid a bhíodh á chaitheamh ag an ealaíontóir féin. Ní haon ionadh é go mbíonn neart daoine óga fós ag triall ar an saothar seo!
Go raibh maith agat Tomi, as greann agus samhlaíocht iontach a roinnt linn.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie