CAG.109 Harry Clarke, The Godhead Enthroned, 1911, gloine dhaite, phéinteáilte, aigéadaithe, 68.6 x 63.5 cm.
Chun oscailt ár dtaispeántas nua DREAMING IN BLUE: Harry Clarke Watercolours a cheiliúradh, táimid chun rud neamhchoitianta a roinnt libh – sampla luath de ghloine dhaite dhuaisbhuaiteach an ealaíontóra cháiliúil ón mbailiúchán.
Léirítear an pailéad dathanna saibhir is nós le Clarke a úsáid in The Godhead Enthroned (1911), íomhá chumhachtach Chríostúil den diacht Chríostaí ar a dtarraingítear ár n-aird trí fhéachaint chairdiúil agus ghéar ag an am céanna. Mórthimpeall ar a chloigeann, atá i lár fáinne solais, tá siombail na gceathrar Soiscéalaithe – Maitiú (fear), Marc (leon), Lúcás (damh) agus Eoin (iolar) – ag déanamh ionadaíochta don cheithre shoiscéal atá le fáil in An Tiomna Nua.
Ba mhac léinn é Harry Clarke (1889-1931) nuair a rinne sé an saothar seo – sea, mac léinn! – i Scoil Ealaíne Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha anois), agus is sampla é seo de cheann amháin de thrí phainéal a chur sé ar fáil chun páirt a ghlacadh i gComórtais Náisiúnta Kensington Theas in 1911. I ndiaidh dó dul in iomaíocht le healaíontóirí as áiteanna éagsúla as Éirinn, Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag, bronnadh bonn óir air, bonn a raibh an-tóir air, le haghaidh na saothar snasta seo.
Ba i mBaile Átha Cliath ar Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1889 a rugadh Clarke, mac le Joshua Clarke agus Brigid MacGonigal. Sa bhliain 1892, bhunaigh a athair gnó maisithe séipéal ar Shráid Fhreidric Thuaidh agus chaith Clarke seal ag obair don ghnó fad is a bhí sé i mbun a chuid oiliúna. Lean an t-ealaíontóir ar aghaidh ag staidéar i Scoil Ealaíne Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath taobh le Seán Keating agus Margaret Clarke (Crilley roimh phósadh di), bean a phós sé ina dhiaidh sin. Ba ansin a d'fhorbair sé na scileanna líníochta eisceachtúla a bhí mar bhonn leis na dearaí gloine dhaite agus leis na maisiúcháin leabhar dochreidte a rinne sé ina dhiaidh sin.
Tabhair cuairt ar ár Seomra Harry Clarke (Urlár 2) más mian leat súil a chaitheamh air seo agus ar dhá phainéal gloine dhaite eile a rinne duine de na healaíontóirí is cáiliúla in Éirinn tamall roimhe sin.
Osclófar DREAMING IN BLUE: Harry Clarke Watercolours ar an 14 Nollaig 2018. Is éard atá sa taispeántas seo 18 staidéar ainglí d'fhuinneog The Eve of St Agnes mar aon le píosa a coimisiúnaíodh go speisialta leis an aisteoir Fiona Shaw.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie