CAG.433 Norah Brigid Ní Chuill, Game of Cards, 1959, olaphictiúr ar chanbhás, 72 x 92 cm. © eastát an ealaíontóra.
Am spraoi! Is ag díriú ar théamaí na hóige agus an spraoi atá SAOTHAR NA SEACHTAINE seo ónár dtaispeántas nua.
Is éard atá le feiceáil in Game of Cards (1959) grúpaí leanaí agus daoine fásta, teaghlach mór b'fhéidir, atá bailithe le chéile chun tamall a chaitheamh ag spraoi. Tá cuid de na daoine óga an-ghar dá chéile, seans go bhfuil iarracht á déanamh acu ‘cabhrú’ leis na himreoirí níos sine, tá lapadán ina baclainn ag bean rua agus tá súil á coinneáil aici ar an méid atá ag tarlú.
Is ag deireadh an lae atá an t-imeacht spraíúil seo ag tarlú a bhfuil glúnta éagsúla páirteach ann, agus tá vardo (vaigín cónaithe) an ghrúpa stoptha lena dtaobh, agus an capall nó capaillín ar féarach. Moltar do dhaoine a thugann cuairt ar an taispeántas an saothar álainn seo a chur i gcomparáid le A Games of Cards le John Murphy (1921-2006), agus na difríochtaí eatarthu a thabhairt faoi deara b'fhéidir!
Is annamh a thaispeántar an saothar seo, ceann amháin de dhá shaothar le Norah Brigid Ní Chuill ónár mbailiúchán atá ar taispeáint mar chuid de SEEN, NOT HEARD go dtí an 28 Deireadh 2019 – is é Children Playing with Skipping Rope and Hoop teideal an tsaothair eile.
Níl mórán ar eolas againn, áfach, faoi Norah Brigid Ní Chuill, seachas a saothair atá inár mbailiúchán, agus tráth dá raibh, gur thaispeáin sí pictiúr dar teideal Nodlaig (c.1951) ag taispeántas Mínealaíon na Mumhan. Ba bhreá linn tuilleadh eolais a fháil fúithi – an féidir leat cabhrú linn?
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie