Crawford Art Gallery bilingual logo
BaileMaidir Le Cuairt StairFoghlaim & Pléigh Gníomhaíochtaí Saothar Na SeachtaineComhpháirtíochtaíCaiféFolúntais

SAOTHAR NA SEACHTAINE | 1 Aibreán 2019

Gerard Dillon, Stunts, collage on paper, 30 x 56 cm. Donated, 2006 (Great Southern Collection). © the artist's estate.

CAG.2254 Gerard Dillon, Stunts, colláis le páipéar, 30 x 56 cm. Bronnta, 2006 (Bailiúchán Great Southern). © eastát an ealaíontóra.

Is é an aidhm atá leis an SAOTHAR NA SEACHTAINE seo lúcháir a chur ar gach duine!

Seans maith go mbeidh tú den tuairim gur fógra don dísreach ceoil leictreonaigh, Daft Punk, é an íomhá seo. Is éard atá sa saothar seo, leis an teideal simplí, Stunts, áfach, colláis atá déanta ag Gerard Dillon (1916-1971). Is éard atá cruthaithe ag an ealaíontóir seo a rugadh i mBéal Feirste, comhdhéanamh beoite, teibí ina bhfuil dhá fhigiúr le feiceáil agus madra, iad ar fad ag glacadh páirt i dtaispeántas acrabataice.

Is ionann an bheirt fhigiúirí a bhfuil masc á chaitheamh acu - bunaithe ar charachtar Pierrot - agus gné a thugtar faoi deara i saothar Dillon arís agus arís eile a sheasann don uaigneas de ghnáth, ach sa chás seo, is tagairt do chomhluadar atá i gceist. I ngeamaireachtaí agus commedia dell’arte, go minic is é Pierrot an t-ábhar magaidh agus is air a bhíonn bob a bhualadh, ach is figiúr lán truamhéala é freisin, an t-ealaíontóir dáiríre nó an strainséir.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Riann Coulter, ‘mar ealaíontóir, náisiúnach ón tuaisceart agus fear aerach, bhí neart rudaí ag déanamh imní dó [Dillon], lena n-áirítear cumhacht na hEaglaise Caitlicí, mí-úsáid ceart sibhialta sa Tuaisceart, coimeádachas sóisialta ar fud na hÉireann agus smachtbhannaí an Stáit ar homaighnéasacht.’ Dá réir sin, tá déine mhothúchánach le tabhairt faoi deara sa cholláis seo, a bhfuil cuma shimplí uirthi ar an gcéad amharc, go háirithe má dhírítear ar an úsáid a bhaineann Dillon as an gcruth dearg dúrúnda (méarlorg?) i lár a chomhdhéanaimh.

Is cosúil, dá réir sin, go bhfuil Dillon ag díriú ar smaointe a bhaineann le féiniúlacht, taibhiú agus idirghníomhaíocht shóisialta in Stunts. Dá ainneoin sin, áfach, cinntíonn an t-ealaíontóir go bhfuil cothromaíocht idir an t-ábhar sin ar fad, díreach cosúil lena héachtóirí, agus cáilíochtaí spraíúla agus máistriúla níos soiléire.

Stunts le Gerard Dillon á thaispeáint mar chuid de HEROES & VILLAINS, a bheidh ar taispeáint go dtí an 14 Aibreán 2019.

As Bearla

Uaireanta Oscailte

Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in

Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in


Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta

TripAdvisor LogoPure Cork LogoIreland's Ancient East logoCork Digital Mareting Awards Winner 2021Cork Business Association Logo
Covid Charter logo
Members Badge 2024
Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media logo

© 2024 www.crawfordartgallery.ie

linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram Skip to content