CAG.12 Emma Ciardi, Two’s Company, c.1930, olaphictiúr ar chanbhás, 70.1 x 60 cm. Ceannaithe, An Cumann Mínealaíne, 1935 (Ciste Tiomnachta Gibson).
Tá SAOTHAR NA SEACHTAINE leis na ealaíontóir Veinéiseach Emma Ciardi (1879-1933) á thabhairt ar thuras i bhfad ó bhaile!
Tá sé ráite ag Cristín Leach le déanaí gurb é seo ceann de na saothair ‘is áille’ atá bailithe trínár gCiste Tiomnachta Gibson. Is é Two’s Company (c.1930) teideal an tsaothair, saothar a bhfuil cuma thraidisiúnta air.
Ar an gcéad amharc, tá an chuma ar an scéal gur saothar Rocócó de chuid an 18ú haois atá ann – saothar maoithneach, rómánsach, fánach, uasaicmeach. Éiríonn le Ciardi, áfach, léargas a thabhairt ar an seánra aitheanta fête galante (cóisir chúirtéireachta) – leis na tírdhreacha samhailteacha méithe agus giúmar maoithneach – agus é a nascadh leis an atmaisféar Carnivale a bhíonn le brath ina baile dúchais, an Veinéis, agus leis na teicnící cothrom le dáta a bhaineann lena ré féin. Má chaitear súil níos grinne ar an saothar tabharfar láimhseáil agus úsáid péinte shreabhánach iar-Impriseanaíoch faoi deara, cur chuige a ídíonn an méid ama idir an suíomh stairiúil agus an nóiméad comhaimseartha. Léirigh daoine i Sasana agus i Meiriceá Thuaidh neart spéise ina saothar i rith a saoil.
I mbliana tá comóradh á dhéanamh ar an 140ú bliain ó rugadh Emma Ciardi. Ba le teaghlach ealaíontóirí a bhain sí, ealaíontóirí ba ea a hathair Guglielmo agus a deartháir Beppe, agus taispeánadh saothar dá cuid den chéad uair ag Paris Exposition Universelle in 1900. Ina dhiaidh sin, d'eagraigh sí dhá thaispeántas aonair, in 1910 agus 1913, ag Gailearaithe Leicester i Londain, spás tábhachtach ar reáchtáladh na chéad taispeántais aonair de chuid Pablo Picasso, Henri Matisse agus Camille Pissarro ann. Chomh maith leis sin, thaispeáin sí saothar dá cuid sa Chumann Mínealaíne in 1928 agus 1933 – is ón gCumann sin a cheannaíomar an saothar seo in 1935 – agus i nGailearaí Howard Young i Nua-Eabhrac. Rinneadh ceiliúradh ar a saothar tar éis a báis mar chuid d'iardhearcadh a reáchtáladh sa Phailliún Láir ag Venice Biennale in 1935.
Tá Two’s Company (c.1930) le Emma Ciardi ar taispeáint mar chuid de THIOMNACHT GIBSON 1919-2019: Roghnú, Bailiú & Daonchairdeas.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie