Tá Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta anois don athfhorbairt.

Fiosraigh Tuilleadh

San áit a mbuaileann Ealaín agus Smaointe lena chéile i rith na n-aoiseanna...
Tá Gailearaí Ealaíne Crawford ar cheann d’Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta na hÉireann, a bhfuil sé de chúram air cúram a dhéanamh de bhreis agus 3,500 saothar ealaíne éagsúil ón mBailiúchán Náisiúnta, ó phéintéireacht agus dealbhóireacht na hÉireann agus na hEorpa ón 18ú haois go suiteálacha comhaimseartha físeán.

In 2024, thug Gailearaí Ealaíne Crawford faoi thionscadal uaillmhianach athfhorbartha, Claochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford, chun a chinntiú go gcaomhnófar agus go bhfeabhsófar foirgnimh stairiúla an ghailearaí i gcroílár chathair Chorcaí do na glúnta atá le teacht.
Ón 22 Meán Fómhair 2024, beidh Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta go sealadach don phobal chun na hoibreacha athfhorbartha seo a éascú. Leanann foireann an Ghailearaí ag obair sa chúlra, ag tabhairt aire don bhailiúchán, ag eagrú clár lasmuigh den láthair d'imeachtaí Foghlama & Fiosraithe, agus ag ullmhú don athoscailt in 2027.

Le haghaidh nuachta agus nuashonruithe ar Chlaochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford, is é an bealach is fearr le fanacht i dteagmháil le linn ár ndúnta ná trí chlárú lenár nuachtlitir nó trínár gcuntais meán sóisialta a leanúint.
Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White