CAG.66 Dermod O'Brien, Place de L'Eglise, Montreuil, 1925, olaphictiúr ar chanbhás, 63.4 x 75.8 cm. Ceannaithe, an tEalaíontóir, 1926 (Ciste Tiomnachta Gibson).
Rugadh an t-ealaíontóir Éireannach Dermod O'Brien in aice le Faing, Contae Luimnigh ar an lá seo sa bhliain 1865, agus is air atá SAOTHAR NA SEACHTAINE seo bunaithe!
Ba é a aintín, an t-údar agus gníomhaí, Charlotte Grace O’Brien, a thóg an t-ealaíontóir seo, garmhac le náisiúnach Éireannach – agus ceannaire Éire Óg – William Smith O’Brien. Fuair sé a chuid oideachais ag Harrow agus Cambridge, agus sna 1880idí rinne sé staidéar ar an bpéintéireacht i bPáras agus Antuairp, i dteannta le Walter Osborne, agus ba sa bhliain 1901 a thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ag feidhmiú mar uachtarán ar an Acadamh Ibeirneach Ríoga le haghaidh 35 bliain, idir 1910 agus 1945, an bhliain ar cailleadh é. Ealaíontóirí ba ea a dheirfiúr Nelly, iníon Brigid Ganly agus bean a mhic, Kitty Wilmer O’Brien, freisin.
In 1922, agus tráth a raibh sé ag feidhmiú mar uachtarán ar an Acadamh Ibeirneach Ríoga, ainmníodh Dermod O'Brien (1865-1945) mar chomhairleoir saineolach dár gcoiste Thiomnacht Gibson. I measc a chuid dualgas bhí tuairisciú ar oibreacha a bheadh oiriúnach chun cur leis an mbailiúchán, agus sa bhliain 1925 treoraíodh dó cuairt a thabhairt ar thaispeántais a bhí á reáchtáil ag an Acadamh Ríoga agus ag Acadamh Ríoga na hAlban.
I rith a thréimhse mar chomhairleoir saineolach, tharraing O’Brien aird ar roinnt príomhoibreacha atá le fáil inár mbailiúchán anois – lena n-áirítear Men of the South (1921-22) le Seán Keating agus Off the Donegal Coast (1922) le Jack B. Yeats – ach níor mhol sé The Man of the Crowd (1923) le Harry Clarke a cheannach. É sin ráite, dhiúltaigh an coiste don mholadh a rinne sé The Death of Cúchulainn (1911-12) le Oliver Sheppard a cheannach le haghaidh £500.
Léirítear ina phictiúr réalaíoch Place de l'Eglise, Montreuil (1925) ceann de na príomhchearnóga in Montreuil-sur-Mer, in aice le Calais. Taispeánadh an saothar seo ag Halla Mill's, agus i mí na Samhna sa bhliain 1926 mhol George Atkinson, comhairleoir saineolach agus ardmháistir Scoil Ealaíne Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha anois), an saothar seo a cheannach le haghaidh 50 gine.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie