CAG.335 Henry Jones Thaddeus, Portrait of a Gentleman (M. Holland), 1920, olaphictiúr ar chanbhás, 91.6 x 61.3 cm. Bronnta, an tEalaíontóir.
Inniu Dé Máirt, ach tá sé cosúil le Dé Luain. Lá amháin i ndiaidh Lá an Domhain, ach is fearr go mall ná go brách chomh fada is a bhaineann le SAOTHAR NA SEACHTAINE!
Tá an-mheas againn ar an bportráid cheanúil seo de Chorcaíoch aitheanta – na súile sin! an ghruaig sin agus an croiméal! Ba é an Corcaíoch Henry Jones Thaddeus a tharraing an pictiúr seo sa bhliain 1920, agus tá figiúr cosúil lena mhainicín, leabhar ina lámh ar a bhfuil ‘Michael Holland, His Book’ inscríofa, le feiceáil.
Ealaíontóir, luibheolaí agus staraí ba ea Michael Holland (1855-1950), a raibh saineolas aige freisin ar stair na lásadóireachta in Éirinn. Bhíodh sé ag scríobh don Cork Examiner (an Irish Examiner anois), agus duine de bhunaitheoirí ba ea é, sa bhliain 1891, de Chumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, cumann a mbíonn cruinnithe acu inár bhfoirgneamh fós sa lá inniu ann! Is ag 8 An Meal Thuaidh, Corcaigh, a bhí cónaí air, áit atá gar do Scoil Eolaíochtaí Bitheolaíocha, Domhaneolaíocha agus Comhshaoil Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, sa lá inniu ann.
Ón uair a raibh deich mbliana slánaithe aige bhí an t-ealaíontóir Henry Jones Thaddeus (1859-1929) i mbun staidéir ag Scoil Ealaíne Chorcaí (Gailearaí Crawford Chorcaí agus Coláiste Ealaíne & Deartha Crawford CIT anois). Le linn a chuid ama ansin rinne sé líníochtaí a bhí bunaithe ar na Teilgin Canova agus bronnadh Duais Taylor air faoi dhó ina dhiaidh sin. Lean sé ar aghaidh lena chuid oideachais ag Académie Julian i bPáras, agus ainmníodh é mar Chomhalta den Chumann Ríoga Geografaíochta. Tagraíonn sé do neart scéalta a bhaineann lena shaol agus lena ghairm ina bheathaisnéis, Recollections of a Court Painter, agus ag deireadh an tsaothair tá a phortráid de Phápa Pius X (1903) le fáil, portráid atá le fáil inár mbailiúchán freisin.
Bain lán do shúl as an bportráid iontach seo de Michael Holland atá le feiceáil taobh lenár Staighre Mór!
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie