CAG.2081 Daniel Macdonald (ainmnithe), General Sir Rowland Smyth K.C.B., c.1845, olaphictiúr ar chanbhás, 76 x 61 cm. Ceannaithe, 2003.
Tá stoirm mórthimpeall orainn ... agus inár SAOTHAR NA SEACHTAINE! Deirtear gurb é Daniel Macdonald (1821-1853) atá freagrach as an saothar seo, portráid a rinneadh sa 19ú haois d'fhear a bhfuil cúlra sách casta aige.
Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ba ea John Rowland Smyth (1806-1873). Ghlac sé páirt sa Chéad Chogadh Angla-Shuíceach, agus ina dhiaidh sin bhí sé ag obair mar Choirnéal in Arm na Breataine. Gach seans gur radharc áiféiseach d'Abhainn Sutlej i bPuinseáb, láthair Chath Aliwal (1846), atá le feiceáil taobh thiar dhó sa phictiúr seo. Tá cáil air in Éirinn, ní mar gheall ar a ghairm mhíleata, áfach, ach de bhrí go throid sé i gceann de na coimhlintí deireanacha ar na hoileáin seo.
Ba é an fear a thug dúshlán Smyth, Standish Stamer O’Grady, abhcóide óg, a chur i gcoinne a thiomáint chontúirteach! Ba sa bhliain 1830 a tharla sé seo agus thit O’Grady go talamh i rith na coimhlinte eatarthu ag 5am an lá dár gcionn. Ciontaíodh Smyth agus a chúntóir, an Captaen Markham, as dúnorgain agus is ar Phríosún Chill Mhaighneann a bhí a dtriall ina dhiaidh sin i gcomhair tréimhse bliana. Sa phortráid seo, tá Smyth – ar thug O’Grady maithiúnas dó agus a ndearnadh ridire de ina dhiaidh sin – ag seasamh go drogallach (cosúil le carachtar cartúin b'fhéidir) agus tá spéir stoirmiúil le feiceáil taobh thiar dhó.
Tá General Sir Rowland Smyth K.C.B. (c.1845) á thaispeáint mar chuid de HEROES & VILLAINS go dtí an 14 Aibreán 2019.
Plás Emmet, Corcaigh, Éire
T12 TNE6
T: +353 (0)21 480 5042
info@crawfordartgallery.ie
Uaireanta Oscailte
Luan go Satharn 10.00rn - 5.00in
Déardaoin go dtí 8:00in
Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc
11 rn - 4in
Tá an iontráil dheireanach 15 nóiméad roimh am dúnta
© 2024 www.crawfordartgallery.ie