
Is tionscadal ealaíne é Seen-Unseen faoi stiúir an ealaíontóra Clare McLaughlin le haghaidh daoine a bhfuil lagú amhairc orthu agus i gcomhar leo.
Tá ríméad orainn comhoibriú le Clare chun cuairt treoraithe a óstáil ar an taispeántas TO LAND: Living Roots Awakenag Gailearaí Highlanes, Droichead Átha, Contae Lú.
Agus leas á bhaint as an mbailiúchán saibhir de shaothair ealaíne chomhaimseartha Ghailearaí Ealaíne Crawford, déantar iniúchadh sa taispeántas ar an gcaoi a múnlaítear féiniúlacht leis an gcaidreamh atá againn leis an talamh, leis an stair agus leis an gcuimhne.Buailfidh an t-ealaíontóir taispeántais Fiona Kelly leis an ngrúpa le haghaidh comhrá ar a suaimhneas faoina saothar ealaíne.
Tá an t-imeacht seo saor in aisce, ach is gá áirithintí a dhéanamh. Is féidir le cuairteoirí a bheith páirteach sa ghrúpa go pearsanta nó ar líne.
Níl gá le haon eolas roimh ré ná taithí ealaíne ar leith.
Chun áit a chur in áirithe déan teagmháil linn ag: claremclaughlinemail@gmail.com
nó, seol guthnóta, téacs nó whatsapp chuig 00353863091653
Tá Gailearaí Ealaíne Crawford ag comhoibriú le Clare agus le rannpháirtithe lagamhairc ó 2014 i leith – le raon teagmhálacha ealaíne agus cuairteanna tadhlacha. Déanann obair chomhoibríoch Clare eispéireas haptach nó céadfach na healaíne a fhiosrú.
