Tá Gailearaí Ealaíne Crawford tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do gach úsáideoir, lena n-áirítear daoine atá faoi mhíchumas. Bímid i gcónaí ag iarraidh taithí gach úsáideora a fheabhsú agus caighdeáin inrochtaineachta ábhartha á gcur i bhfeidhm againn.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta leis an suíomh gréasáin:
https://www.crawfordartgallery.ie
Tiomantas don Inrochtaineacht
Tá sé mar aidhm ag Gailearaí Ealaíne Crawford a chinntiú go bhfuil a shuíomh gréasáin inrochtana i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí) 2020 (S.I Uimh. 258/2020) agus leis na Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.1, Leibhéal AA.
Is institiúid chultúrtha náisiúnta é an gailearaí atá tiomanta d’amharc-ealaín stairiúil agus chomhaimseartha a chur i láthair agus rochtain phoiblí a sholáthar ar eolas faoi thaispeántais, faoi bhailiúcháin, faoi chláir agus faoi acmhainní oideachais ar líne.
Tá sé mar aidhm againn a chinntiú gur féidir le gach úsáideoir rochtain a fháil ar an eolas agus ar na seirbhísí atá ar fáil tríd an suíomh gréasáin ainneoin an chineáil teicneolaíochta a úsáidtear ná cumas teicneolaíochta an duine.
Stádas Comhlíontachta
Ní chomhlíonann an suíomh gréasáin seo treoirlínte WCAG 2.1 Leibhéal AA ach go pointe áirithe, mar gheall ar na gnéithe neamhchomhlíonta agus na díolúintí atá liostaithe thíos.
Táimid ag obair faoi láthair le Vially agus le Vision Ireland lena chinntiú go gcomhlíonaimid caighdeáin inrochtaineachta. Bímid i gcónaí ag feabhsú taithí gach úsáideora agus ag cloí leis na caighdeáin inrochtaineachta riachtanacha.
Ábhar atá Clúdaithe ag an Ráiteas seo
Baineann an ráiteas seo le gach leathanach ar www.crawfordartgallery.ie lena n-áirítear:
• Eolas faoin ngailearaí agus a stair
• Eolas faoi shaothair ealaíne agus faoin mBailiúchán
• Eolas do chuairteoirí
• Nuacht agus imeachtaí
Gnéithe Ginearálta an tSuímh Ghréasáin
Cnaipe tab a úsáid chun dul ó nasc amháin go nasc eile
Is féidir leat an cnaipe tab ar do mhéarchlár a úsáid chun dul ó nasc amháin go nasc eile. Tá ord loighciúil ag baint le gach barra nascleanúna ar an suíomh chuige seo.
Méid an Chló/Téacs
Baineann an suíomh seo úsáid as bileoga stíle a cheadaíonn athrú solúbtha a dhéanamh ar mhéid clónna chun freastal ar riachtanais úsáideoirí. Má cheapann tú go bhfuil méid an chló róbheag, méadaigh méid an chló réamhshocraithe atá in úsáid i mbogearra do bhrabhsálaí gréasáin (mar shampla, in Internet Explorer is féidir méid an chló a athrú sa roghchlár faoi 'Méid an Téacs'). B'fhéidir nach bhfeidhmeoidh an ghné seo i gceart i ngach brabhsálaí gréasáin.
Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta
Tá suíomh gréasáin an ghailearaí deartha chun a bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta is mó a úsáidtear, lena n-áirítear:
• an leagan is déanaí de bhrabhsálaithe Google Chrome, Microsoft Edge, Mozilla Firefox agus Apple Safari;
• i gcomhar leis na leaganacha is déanaí de NVDA, VoiceOver agus TalkBack
Ábhar Neamh-Inrochtana
In ainneoin ár n-iarrachtaí chun inrochtaineacht a chinntiú, b'fhéidir nach gcomhlíonann roinnt ábhair na caighdeáin inrochtaineachta go hiomlán fós.
Doiciméid PDF
B'fhéidir nach mbeidh roinnt doiciméad atá ar fáil le híoslódáil, lena n-áirítear preasráitis, foilseacháin agus ábhair taispeántais, inrochtana go hiomlán d'úsáideoirí léitheoirí scáileáin. D'fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh:
• PDFanna gan ceannteidil atá struchtúrtha i gceart
• PDFanna ina bhfuil téacs scanta
Táimid ag obair chun inrochtaineacht doiciméad atá foilsithe le déanaí a fheabhsú.
Íomhánna agus Doiciméadú Saothair Ealaíne
B'fhéidir nach mbeidh tuairiscí malartacha iomlána de théacs ag roinnt íomhánna ar an suíomh gréasáin. D'fhéadfadh sé seo tionchar a imirt ar ábhar amhail:
• Íomhánna Saothair Ealaíne laistigh den rannán Bailiúchán Ar Líne (Museum Plus)
Nuair is féidir, táimid ag cur téacs malartach tuairisciúil leis an suíomh gréasáin, nó tá sé curtha againn leis cheana féin ar mhaithe le hinrochtaineacht a fheabhsú.
Ábhar Físe agus Scannán
D’fhéadfadh ábhar físe nó scannán leabaithe a bhaineann le taispeántais, ealaíontóirí, nó cláir phoiblí a bheith ar an suíomh gréasáin.
B’fhéidir nach mbeadh an méid seo a leanas ar fáil faoi láthair:
• Fotheidil
• Tras-scríbhinní
• Tuairiscí fuaime
D’fhéadfadh sé seo tionchar a imirt ar ábhar físe a óstáiltear go seachtrach nó ábhar atá níos sine.
Ábhar Tríú Páirtí
B’fhéidir nach gcomhlíonfaidh roinnt gnéithe nó ábhar leabaithe atá á soláthar ag tríú páirtithe (ar nós ardáin físe nó uirlisí áirithinte seachtracha) na caighdeáin inrochtaineachta go hiomlán.
Ábhar atá níos sine
B’fhéidir nach gcomhlíonfaidh ábhar a foilsíodh roimh Mheitheamh 2025 na caighdeáin inrochtaineachta go hiomlán agus ní fhéadfar é a nuashonrú ar bhealach cúlghabhálach mura dtugtar le fios go bhfuil gá leis. Más mian leat teacht ar aon ábhar a foilsíodh roimh mhí an Mheithimh 2025, i bhformáid inrochtana, seol ríomhphost chuig marketing@crawfordartgallery.ie
Feabhsuithe Leanúnacha
Tá Gailearaí Ealaíne Crawford tiomanta d’inrochtaineacht an tsuímh ghréasáin a fheabhsú. I measc na hoibre atá ar siúl go leanúnach againn, tá an méid seo a leanas:
• Athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr an ábhair agus ar ordlathas ceannteidil
• Téacs malartach a fheabhsú d’íomhánna
• A chinntiú go gcomhlíonann PDFanna nuafhoilsithe na caighdeáin inrochtaineachta
• Fotheidealú agus inrochtaineacht ábhar físe a fheabhsú
• Monatóireacht a dhéanamh ar na huirlisí tríú páirtí a úsáidtear ar an suíomh gréasáin
Beidh an inrochtaineacht mar thosaíocht freisin mar chuid de na nuashonruithe a dhéanfar ar an suíomh gréasáin amach anseo agus i dtionscadal athfhorbartha Claochlú Ghailearaí Ealaíne Crawford. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin n-athfhorbairt cliceáil ar an nasc seo a leanas: https://crawfordartgallery.ie/redevelopment-main-page/.
Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo
Ullmhaíodh an ráiteas seo i mí an Mhárta 2026
Tá an ráiteas bunaithe ar:
• Athbhreithniú ionadaíoch a rinneadh ar leathanaigh éagsúla ar an suíomh gréasáin
• Seiceálacha de lámh a rinneadh ar nascleanúint, struchtúr, agus doiciméid iníoslódáilte
• Measúnú inmheánach a rinne foireann Ghailearaí Ealaíne Crawford agus forbróirí an tsuímh ghréasáin
Déanfar athbhreithniú bliantúil ar an ráiteas seo agus déanfar é a nuashonrú de réir mar a dhéantar feabhsuithe.
Aiseolas agus Eolas Teagmhála
Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo.
Má bhíonn deacracht agat rochtain a fháil ar ábhar, má theastaíonn eolas uait i bhformáid eile, nó más mian leat fadhb inrochtaineachta a thuairisciú, déan teagmháil linn:
Ríomhphost: marketing@crawfordartgallery.ie
Teil: +353 (0)21 480 5042
Tá sé mar aidhm againn freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin inrochtaineachta laistigh de thréimhse réasúnta ama agus déanfaimid gach iarracht eolas a sholáthar i bhformáid inrochtana.
