
5 Nollaig 2024 – 2027
Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath
Tá an-áthas ar Ghailearaí Ealaíne Crawford comhoibriú le hArd-Mhúsaem na hÉireann ar thaispeántas nua i nDún Uí Choileáin a dhíríonn ar ghloine dhaite Harry Clarke.
Tá Harry Clarke (1889-1931) ar cheann d’ealaíontóirí na hÉireann is mó geana. Ag obair óna stiúideo ar Shráid Fhreidric Thuaidh i mBaile Átha Cliath, aithnítear a shaothar gloine dhaite agus a léaráidí grafacha i gcéin agus i gcóngar mar gheall ar a n-úrnuacht dearaidh agus a scil theicniúil iontach.
Ó thús a ghairmréime mar mhac léinn i Scoil Ealaíne Chathrach Bhaile Átha Cliath, tháinig an úsáid a bhain Clarke as dathanna láidre saibhre chun cinn mar ghné lárnach dá chuid oibre. Léiríonn saothair an ealaíontóra ina dhiaidh sin aird eisceachtúil ar mhionsonraí agus taispeánann siad conas a aistríodh draíocht a shamhlaíochta chuig na léirmhínithe drámatúla seo ar théamaí reiligiúnacha, polaitiúla agus fantaisíochta. Le linn a ghairmréime giorra, chuir sé corpas suntasach oibre ar fáil, ach mar thoradh ar an ualach oibre, na freagrachtaí agus an taisteal leanúnach, tháinig an eitinn air, rud a d'fhág go bhfuair sé bás anabaí i 1931.
Arna choimeád ag Siobhán Doyle, tugann HARRY CLARKE’S STAINED GLASS cuid de na saothair is luaithe de chuid an ealaíontóra sa mheán seo le chéile — lena n-áirítear trí phainéal a bhuaigh duaiseanna ar iasacht ó Ghailearaí Ealaíne Crawford — a léiríonn doimhneacht chruthaitheacht Clarke agus a thugann fianaise shuntasach ar cháilíocht sheoidiúil a shaothair.
Gabhann Gailearaí Ealaíne Crawford buíochas ó chroí le Lynn Scarff, Dónal Maguire, Éimear O’Connor, Siobhán Doyle, agus foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair.
Saothair Ealaíne sa taispeántas: