
Is éard atá san fhéilire inniu Snack Counter (1944) le Anne Yeats. Sa saothar seo, a rinneadh le pastail agus le gualach ar pháipéar, tá triúr figiúr le feiceáil ag cuntar i gcaifé agus cuma theolaí orthu – b’fhéidir go bhfuil sos á thógáil acu le linn shiopadóireacht na Nollag?
Ealaíontóir agus dearthóir feisteas agus stáitse as Éirinn ba ea Anne Yeats (1919-2001). Ba de theaghlach de dhaoine cruthaitheacha mór le rá as Éirinn í – ba é an file William Butler Yeats a hathair, agus ba é an t-ealaíontóir Jack B. Yeats a huncail (a bhfuil a shaothair mar chuid den bhailiúchán freisin).
