Tá Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta anois don athfhorbairt.

Lá 6: Familiar (III) le Alice Maher

Painting of a mountaintop
CAG.1758 Alice Maher, Familiar III (sonra), aicrileach agus olaphictiúr ar chanbhás, líon, cruach mheilte 1994, 244 x 152 cm. Ceannaithe, 1995. © an t-ealaíontóir.

Don fhéilire Aidbhinte inniu díreoimid ar mhionghné speisialta suite ar bharr sléibhe ar phéinteáil an t-ealaíontóir lán samhlaíochta Alice Maher í!

Tá bean chomh teolaí dá bhfaca tú riamh le feiceáil sa mhionghné, í nocht agus luite siar ar lomán sléibhe ag baint sult as teas na tine campa. Tá fíorshásamh agus neamhspleáchas le brath sa radharc seo ina bhfuil an bhean ina luí sa sneachta, a figiúr beag bídeach lán saoirse sa taobh tíre fairsing. Ar ndóigh, cuid amháin is ea é de shaothar ina bhfuil dhá chuid, Familiar III (1994), ina bhfuil pictiúr agus burla lín. Is ealaíontóir comhaimseartha mór le rá í Alice Maher (b.1956), arb as Contae Thiobraid Árann í agus atá ina cónaí i gContae Mhaigh Eo, áit a mbíonn sí ag obair freisin. In 2018, coinníodh a taispeántas aonair ‘Vox Materia’ i nGailearaí Ealaíne Crawford, agus, i mbliana, roghnaíodh í le bheith mar chuid de Venice Biennale – In Minor Keys le Koyo Kouoh.

Crawford Art Gallery · WORK OF THE WEEK 25 ALICE MAHER FAMILIAR III
Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White
© 2026 www.crawfordartgallery.ie