Tá Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta anois don athfhorbairt.

Lá 5: Men's Glasses le Paddy O’Connell

Men wearing glasses
CAG.0161 Paddy O’Connell, Men’s Glasses, 1979, pictiúr pastail ar pháipéar, 76.5 x 63.5 cm. © an t-ealaíontóir.

Ná hathraigh do spéaclaí! Athraigh do dhearcadh le hiontráil an lae inniu inár bhfhéilire ealaíonta Aidbhinte...

Is saothar pastail é Men’s Glasses (1979) inar úsáideadh dathanna láidre. Díreach mar a bhíonn tionchar ag ár súile nó ag ár n-earraí súl ar ár radharc, tá gné mearbhaill agus mistéire ag baint leis an saothar seo de chuid Paddy O’Connell, ina bhfeictear an príomhfhigiúr roinnt amanna – agus é i roinnt méideanna! – agus é ag breathnú i dtreonna éagsúla.

Tá beagáinín dícheangail le brath, a bhraitear go minic le linn shéasúr gnóthach agus róspreagthach na Nollag, agus figiúr dorcha eile nochta ar an imeall – cuairteoir nach rabhthas ag súil leis nó nach bhfuil fáilte roimhe, b’fhéidir?

Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White
© 2026 www.crawfordartgallery.ie