Tá Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta anois don athfhorbairt.

Lá 3: Red & Black le Cecil King

Red and black geometric painting
CAG.2271 Cecil King, Red & Black, c.1974, olaphictiúr ar chanbhás. Bronnta, Bailiúchán Great Southern, 2006. © eastát an ealaíontóra.

Chun comóradh a dhéanamh ar Lá Domhanda SEIF, tá Red & Black mar chuid dár bhféilire Aidbhinte. Cuireann sé an ribín dearg i gcuimhne dúinn, ribín a chaitheann daoine chun a ndlúthpháirtíocht le daoine a bhfuil VEID nó SEIF orthu a chur in iúl.

Cé go bhfuil stíl sách íostaigh i gceist le ‘Red & Black’ (c.1974), cruthaítear teannas inmheánach leis an idirghníomhú idir dath agus cruth, agus é dílis san am céanna do na hábhair a úsáideadh, olaphéint agus canbhás réidh. Ní nach ionadh, ba sheaimpíní iad an t-ealaíontóir Cecil King (1921-1986) agus a pháirtí, an dánlannaí Oliver Dowling, a bhásaigh in 2024, i réimse na nua-ealaíne agus na healaíne comhaimseartha.

Pointe eolais: Bhíodh an pictiúr neamh-mhacasamhlach seo ar crochadh in Óstán Corrib Great Southern, Gaillimh!

Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White
© 2026 www.crawfordartgallery.ie