
Is é seoid an lae inniu san fhéilire Aidbhinte Men of the South (1921-22) le Seán Keating, arb é ceann de na saothair is clúití sa bhailiúchán é.
An raibh a fhios agat gur fíorshaighdiúirí de chuid Óglaigh na hÉireann atá sa phictiúr? Sna míonna i ndiaidh Shos Cogaidh Mhí Iúil 1921, roghnaigh an t-oifigeach a bhí i gceannas ar ‘cholún reatha’ Dhara Briogáid Chorcaí, Seán Moylan, roinnt ball den Bhriogáid sin chun taisteal go Baile Átha Cliath agus suigh le go bhféadfadh an t-ealaíontóir Seán Keating (1889-1977) portráid ghrúpa a phéinteáil díobh, ealaíontóir a phéinteáil portráid de Moylan roimhe sin.
Leaindeáil siad – faoi airm! – ag an stiúideo ar Shráid Chill Dara, agus dheasaigh siad iad féin do Keating, a ghlac grianghraf agus a rinne sceitse díobh.
Mar a tharlaíonn sé, ní raibh sé pleanáilte ag Keating an pictiúr seo a phéinteáil!
Agus é ag obair ar phictiúr mórscála, bhí ar an ealaíontóir é féin a athlonnú i dTeach an Ardmhéara le leanúint ar aghaidh ag obair air. Mar gheall air seo agus mar gheall ar an ardluas agus an teannas go léir, ní raibh Keating sásta agus chuir sé a chéad iarracht – An IRA Column – ar leataobh agus chuir sé tús le leagan nua ina áit, Men of the South, mar is eol dúinn inniu é. Bhí Seán Keating ina mhac léinn i Scoil Ealaíne Chathair Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé ar thuras chuig Oileáin Árann nuair a bhí sé ina aosach óg, agus chuaigh an áit i bhfeidhm go mór air agus léiríodh sé an áit seo ina chuid saothar i gcaitheamh a shaoil. Shíl sé gurbh iad na daoine díograiseacha láidre seo as Iarthar na tíre fíorlaochra na hÉireann. Bhíodh náisiúnachas na hÉireann ag croílár roinnt mhaith dá luathshaothair, agus ba mhinic Cogadh na Saoirse in Éirinn agus Cogadh na gCarad a bheith mar chuid dá shaothair. In imeacht ama, áfach, ní raibh an oiread sin spéise aige san fhoréigean, agus dhírigh sé ina chuid saothar ar théamaí fáthchiallacha nach raibh chomh míleatach céanna.
