
Don chéad lá dár bhféilire Aidbhinte, tá The Angel of the Annunciation (1953) le Patrick Hennessy á thaispeáint againn. Tá an saothar seo simplí, ach casta ag an am céanna. Ar an gcéad amharc, tá cuma shimplí ar an dá dhealbh, a gceapfaí gur dealbha reiligiúnacha iad, ach ní mór a cheistiú cén fáth ar cuireadh na figiúirí san áit sin, cé dó a sheasann siad, agus cén caidreamh nó gaol atá eatarthu.
D’fhéadfadh sé go mbeadh nod le fáil i dteideal an tsaothair, a thugann le fios gurb é atá san fhigiúr sciathánach an tArdaingeal Gabriel, an teachtaire a mheastar gur fhógair sé ionchollú Íosa Críost. Agus é sin ar intinn againn, shílfí gurb í an Mhaighdean Mhuire atá sa chúlra, ach ina ionad sin feictear dealbh andraigíneach i stíl Ghotach na Fraince. D’fhéadfadh sé gurb é a thugtar le fios gur taisí atá sna figiúirí seo, nach bhfuil siad san áit cheart agus nach bhfuil cumhacht acu i saol na linne seo.
D’fhéadfadh sé go bhfuil nasc idir an pictiúr dochreidte, ach diamhair seo agus an tógáil Chaitliceach a bhí ag an ealaíontóir. Rugadh Patrick Hennessy (1915-1980) i gCorcaigh agus d’fhás sé aníos in Albain, ach d’fhill sé ar Éirinn níos déanaí sa saol agus is ansin a chuir sé faoi lena pháirtí, Henry Robertson Craig, arbh ealaíontóir é freisin. Agus aghaidh á tabhairt aige ar shochaí choimeádach mar fhear aerach, is minic a thagadh gnéithe dá fhéiniúlacht aerach agus den teannas a bhíonn idir an pobal agus an duine é féin chun cinn, go comhfhiosach nó i ngan fhios dó féin, ina chuid saothar.
Bhí mír le cloisteáil faoin saothar seo cheana inár sraith Work of the Week, a seinneadh ar The Arts House de chuid Cork’s 96FM agus C103FM. Is féidir leat éisteacht leis an mír anseo:
