Tá Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta anois don athfhorbairt.

Ar Chamchuairt

CAG.3291 Isabel Nolan, The Light Poured Out of You, 2016, cruach bhog, péint, dathú, fabraic, dathú 300 x 134 x 134 cm. Ceannaithe, 2023. Le © an ealaíontóra. Grianghraf: Deirdre Power.
ISABEL NOLAN: some fundamental forces

15 Lúnasa - 1 Samhain 2026
Southwark Park Galleries, Londain, An Ríocht Aontaithe

Tá ríméad ar Ghailearaí Ealaíne Crawford saothar le Isabel Nolan a thabhairt ar iasacht ón mbailiúchán do Ghailearaithe Southwark Park i gcomhair an chéad taispeántais aonair chuimsithigh riamh ag an ealaíontóir sin sa Ríocht Aontaithe go dtí seo.

Is am suntasach i ngairm bheatha Nolan an mórthaispeántas seo atá ar camchuairt agus í ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag 61st Venice Biennale (go dtí an 22 Samhain 2026).

Tá saothair ealaíne sa taispeántas ó 2005 go 2025 lena n-áirítear péinteáil, líníocht, dealbhóireacht, suiteán, grianghrafadóireacht, agus taipéis. Bíonn saothar cumasach Nolan ag díriú ar an ngné gur féidir leis an ealaín dul níos faide ná an domhan a thaifead, agus fiafraítear dínn féachaint ar an áit atá againn sa chruinne. Is iad dearcthaí éagsúla is spéis léi; idir dhearcthaí stairiúla, eolaíocha agus spioradálta a thugann léargas níos fadréimsí dúinn ná an staid ina bhfuilimid faoi láthair.

Baineann Nolan úsáid as ábhair thraidisiúnta amhail péinteáil, cruach, peann luaidhe, agus teicstíl agus tugann sí cuireadh don amharcóir dul i ngleic leis ar bhealach aeistéitiúil agus spreagann sí iad smaoineamh laistiar den am i láthair, agus breathnú ar an gcruinne ollmhór.

Agus é faighte don Bhailiúchán Náisiúnta in 2023, cuireadh mórshaothar Nolan The Light Poured Out of You (2016) ar taispeáint roimhe seo ag EVA International i Luimneach (2018), agus ag na taispeántais Following Threads ag Gailearaí Ealaíne Crawford (2023-24) agus Grá at Uillinn: Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí (2025).

Ba í Judith Carlton (Stiúrthóir, Gailearaithe Southwark Park), a rinne an taispeántas a choimeád agus beidh sé ag dul ar aghaidh ag Bluecoat, Learpholl (28 Eanáir – 3 Bealtaine 2027), rud a sheolfaidh a gclár comórtha céad bliain agus a dhéanfaidh a stádas mar an gcéad ionad ealaíon riamh sa Ríocht Aontaithe a cheiliúradh, roimh Liverpool Biennial 2027.

Is mian le Gailearaí Ealaíne Crawford buíochas mór agus comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Isabel Nolan, le Judith Carlton agus le foireann Ghailearaithe Southwark Park.

Saothair Ealaíne sa taispeántas: Isabel Nolan, The Light Poured Out of You (2016)

Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White
© 2026 www.crawfordartgallery.ie