Tá Gailearaí Ealaíne Crawford dúnta anois don athfhorbairt.

Ar Chamchuairt

CAG.2647 Norah McGuinness, New York Harbour, c.1945, pictiúr ola ar chanbhás ar bord, 41 x 51.5 cm. Bronnta, Cairde Bhailiúchán Náisiúnta na hÉireann, 2020. © eastát an ealaíontóra.
HIGHLANES GALLERY | Norah McGuinness

NORAH MCGUINNESS – Pioneer
17 Samhain 2026 – 20 Feabhra 2027
Gailearaí Highlanes, Droichead Átha, Contae Lú

Tá ríméad ar Ghailearaí Ealaíne Crawford ocht saothar a thabhairt ar iasacht do Ghailearaí Highlanes chun ceiliúradh tábhachtach a dhéanamh ar ealaíontóir suntasach na hÉireann de chuid an fichiú haois. D’éirigh go sármhaith le Nano Reid: Adamantine (2022), agus anois cuirfear ealaíontóir agus dearthóir eile, Norah McGuinness, i láthair sa taispeántas seo.

D’fhreastail Norah McGuinness (1901-1980), arbh as Doire ó dhúchas di, ar Dublin Metropolitan School of Art, áit a raibh Harry Clarke agus Patrick Touhy i measc na múinteoirí a bhí aici. Chuaigh sí i mbun oiliúna i Londain, agus bhí gairm aici sa mhaisiú leabhar agus sa dearadh stáitse go luath ina ndiaidh sin. D’oibrigh sí in Amharclann na Mainistreach sula ndeachaigh sí i mbun staidéir arís le hAndré Lhote i bPáras, de réir comhairle ó Mainie Jellett. Bhí sí mar bhall den Twenties Group i Londain, agus bhí sí ag cur fúithi i Nua-Eabhrac ó 1937 go 1939 sular tháinig sí ar ais go hÉirinn. Chomhbhunaigh sí Taispeántas na hÉireann ar an Ealaín Bheo agus ba í dara huachtarán na heagraíochta. D’fhreastail sí féin agus Nano Reid ar Biennale na Veinéise in 1950 ar son na hÉireann den chéad uair.

Tá triúr ealaíontóirí comhaimseartha mar chuid den taispeántas seo, ealaíontóirí a bhfuil gnéithe de chleachtais McGuinness le feiceáil ina gcuid saothair féin, lena n-áirítear an grá don chathair (Baile Átha Cliath, Nua-Eabhrac), úsáid fhlúirseach as dath agus as pátrún, máistreacht dearaidh – seiteanna stáitse, leabhair agus fuinneoga taispeána – agus gairm thaispeántais rathúil.

Taispeánfar saothair atá ar iasacht go speisialta, agus saothair nach bhfacthas cheana. Déanfaidh an taispeántas ceangal leis an am atá caite, leis an am i láthair, agus leis na caidrimh láidre idir ealaíontóirí agus an lucht féachana. I measc na saothar atá ar iasacht ó Ghailearaí Ealaíne Crawford, tá saothair ann a bhí mar chuid de bhailiúchán Great Southern Hotels agus a bhí ar taispeáint i bPáirc na Saileach, Contae Chiarraí.

Beidh Norah McGuinness - Pioneer oscailte ón an 17 Samhain 2026 go dtí an 20 Feabhra 2027. Saorchead isteach. Téigh chuig www.highlanes.ie chun teacht ar thuilleadh eolais.

I ndiaidh Nano Reid: Adamantine, Ceiliúradh: Treasures of the Boyne Valley, agus To Land: Living Roots Awaken, a thabhairt ar iasacht, ba mhaith le Gailearaí Ealaíne Crawford buíochas agus comhghairdeas a ghabháil arís le hAoife Ruane agus leis an bhfoireann ag Gailearaí Highlanes.

Saothair Ealaíne sa taispeántas: 

  • Norah McGuinness, New York Harbour (c.1945)
  • Norah McGuinness, First Snow (1949)
  • Norah McGuinness, Portrait of Frank O’Connor (1949)
  • Norah McGuinness, A Quiet Place or Small Fields of Donegal (1959)
  • Norah McGuinness, Small Fields of Donegal (Purple Grasses) (1959)
  • Norah McGuinness, The Melon (1960)
  • Norah McGuinness, Seaweed Shapes (1965)
  • Norah McGuinness, The Fallen Tree (1969)
Crawford Art Gallery Logo web
Báite i ngrá
le do ghailearaí
Cláraigh lenár nuachtlitir

Pure Cork logo white
Ancient East logo white
Dept of Culture_Communications_Sport_Std_White
© 2026 www.crawfordartgallery.ie